YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 119

119
Salm 119.
Beati immaculati.
1Is beannaiṫe naċ mbíonn smál orṫu sa tslí: aċ ag siúl de réir dlí an Tiarna.
2Is beannaiṫe a ċoinníos a ḟianaisí: agus a ḃíos á iarraiḋ le hiomlán a gcroí.
3Óir is iad an dream naċ ndéanann aon urċóid: a ṡiúlas ina ṡlite.
4Ṫug tú dúinn raḃaḋ: go gcoinnímis dʼaiṫeanta go haireaċ.
5A Ḋia, gan mo ṡlite á réiteaċ roṁam: ionas go gcoinneoinn do reaċta!
6Ní ḃeiḋ díomua orm dá ḃrí sin: ċoṁ fada agus bíonn beann agam ar dʼaiṫeanta uile.
7Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat ó ċroí gan ċealg: nuair a ḃíos breiṫiúnais dʼḟíréantaċta foġlamṫa agam.
8Tá rún agam do reaċt a ċoinneáil: ná déan mo ṫréigean ar fad.
In quo corriget?
9Conas a ġlanfaiḋ an t‑ógḟear a ṡlí: lena ċur féin faoi smaċt do ḃriaṫair.
10Is le hiomlán mo ċroí a ḃínn dod iarraiḋ: ná lig dom dul ar seaċrán ód aiṫeanta.
11Ċuir mé do ḃriaṫra i dtaisce i mo ċroí: ionas naċ bpeacóinn id aġaiḋ.
12Is beannaiṫe tú, a Ṫiarna: taḃair eolas do reaċta dom.
13Is le mo ḃéal a ḃínn ag insint: faoi ḃreiṫiúnais uile do ḃéil.
14Níorḃ aoiḃne liom aon ċineál maoine: ná slí dʼḟianaisí.
15Laḃróiḋ mé ar dʼaiṫeanta: agus beiḋ aire agam ar do ṡlite.
16Is i do reaċta a ċuirfeas mé mo ḋúil: agus ní ḋéanfaiḋ mé dearmad de do ḃriaṫra
Retribue servo tuo.
17Déan maiṫ do do ṡeirḃíseaċ: go maire mé agus go gcoinní mé do ḃriaṫar.
18Oscail mo ṡúile: go ḃfeice mé iontais do ḋlí.
19Táim i mo ḋeoraí ar an talaṁ: ná ceil dʼaiṫeanta orm.
20Bím ag cur mʼanama amaċ leis an dúil ḋian: a ḃíos aici de ṡíor i do ḃreiṫiúnais.
21Ṫug tú aċasán do luċt an díomais: is mallaiṫe a dtéann amú ó dʼaiṫeanta.
22Iompaiġ díom an náire agus an t‑aċasán: óir is mé a ċoinniġ dʼḟianaisí.
23Ḃíoḋ flaṫa fós ina suí ag laḃairt i mʼéadan: aċ ní ḃíonn de ċúram ag do ṡeirḃíseaċ aċ do reaċta.
24Óir is iad dʼḟianaisí mʼaoiḃneas: agus is iad ḃíos agam mar ċoṁairleoirí.
Aḋaesit pavimento.
25Bíonn mʼanam greamaiṫe den deannaċ: ó! beoiġ mé de réir do ḃriaṫair.
26Dʼadṁaiġ mé do ṡlite, agus dʼéist tú liom: níl uaim aċ go múinfeá do reaċta dom.
27Taḃair tuiscint dom faoi ṡlí dʼaiṫeanta: is aṁlaiḋ a laḃróiḋ mé ar dʼoibreaċa iontaċa.
28Bíonn mʼanam á leá le méid a tuirse: taḃair sólás de réir do ḃriaṫair.
29Tóg uaim slí na bréige: agus taḃair orm mórṁeas a ḃeiṫ agam ar do ḋlí.
30Ṫoġ mé slí na fírinne: agus ċuir mé do breiṫiúnais os mo ċoinne.
31Lean mé ded ḟianaisí: a Ṫiarna, ná náiriġ mé.
32Riṫfiḋ mé ar ṡlí dʼaiṫeanta: nuair a scaoileas tú mo ċroí as daoirse.
Legem pone.
33Múin dom, a Ṫiarna, slí do reaċt: agus leanfaiḋ mé di go deireaḋ.
34Taḃair tuiscint dom, agus coinneoiḋ mé do ḋlí: is deiṁin go gcoinneoiḋ mé le hiomlán mo ċroí é.
35Taḃair orm siúl ar ċosán dʼaiṫeanta: óir is iontu a ḃíos mo ḋúil.
36Claon mo ċroí ċun dʼḟianaise: agus ní ċun na sainte.
37Go n‑iompaí tú mo ṡúile, ar eagla go ḃféaċa siad ar an ndíoṁaointeas: agus bí do mo ḃeoú i do ṡlí.
38Go neartaí tú le do ḃriaṫar i do ṡeirḃíseaċ: go mbí eagla orm roṁat.
39Tóg uaim an t‑aċasán is eagal dom: óir is maiṫ iad do ḃreiṫiúnais.
40Féaċ, is id aiṫeanta a ḃíos mo ḋúil: beoiġ mé id ḟíréantaċt.
Et veniat super me.
41Tagaḋ do ṫrócaire ġráṁar fós ċugamsa, a Ṫiarna: mar tá, do ṡlánú, de réir do ḃriaṫair.
42Is mar sin a ḟreagróiḋ mé luċt mo ċáinte: óir is as do ḃriaṫar ḃíos mo ṁuinín.
43Ná bain briaṫar dʼḟírinne ar fad as mo ḃéal: óir bíonn mo ḋóċas as do ḃreiṫiúnais.
44Mar sin a ċoinneoiḋ mé do ḋlí i gcónaí: is deiṁin go gcoinneoiḋ mé go saol na saol.
45Agus beiḋ fad is fairsinge ag mo ṡiúl: óir bím ag iarraiḋ dʼaiṫeanta.
46Laḃróiḋ mé fós ar dʼḟianaisí i láṫair ríṫe: agus náire ní ḃeiḋ orm.
47Agus is i dʼaiṫeanta a ḃeas mo ḋúil: ós dóiḃ a ṫug mé grá.
48Tógfaiḋ mé fós mo láṁa i dtreo dʼaiṫeanta, dá dtug mé grá: agus is ar do reaċta a ḋéanfaiḋ mé staidéar.
Memor esto verbi tui.
49Cuiṁniġ ar do ṡeirḃíseaċ i dtaoḃ do ḃriaṫair: a dtug tú orm mo ḋóċas a ċur ann.
50Bíonn an briaṫar céanna mar ṡólás dom i mo ḃuaireaṁ: óir is é a ḃeoiġ mé.
51Bíonn drong an díomais ag magaḋ go mór fúm: aċ ina ḋiaiḋ sin níor ṡéan mé do ḋlí.
52Óir ba ċuiṁneaċ liom do ḃreiṫiúnais ṡíoraí, a Ṫiarna: rud ab áḃar sóláis dom.
53Bíonn baillċriṫ orm: ag smaoineaṁ ar luċt an oilc a ṫréigeas do ḋlí.
54Ba iad do reaċta a ḃíoḋ agam: mar aṁráin i dteaċ mʼoiliṫreaċta.
55Smaoinínn ar dʼAinm, a Ṫiarna, agus an oíċe ann: agus ċoinnínn do ḋlí.
56Ḃí an ṁéid sin agam: de ḃrí gur ċoinniġ mé dʼaiṫeanta.
Portio mea, Domine.
57Is tú a ḃfuil agam, a Ṫiarna: ġeall mé go gcoinneoinn do ḋlí.
58Ċuir mé mʼaċainí uṁal i do láṫair le hiomlán mo ċroí: bí trócaireaċ dom de réir do ḃriaṫair.
59Ċuiṁniġ mé ar mo ṡlite féin: agus ṡeol mo ċosa i dtreo dʼḟianaisí.
60Rinne mé deifir, agus níor ċuir mé ar ċairde é: led aiṫeanta a ċoinneáil.
61Táim timpeallaiṫe ag dola luċt an oilc: aċ ní hí mo ḋearmad do ḋlí.
62Éireoiḋ mé i lár na hoíċe le buíoċas a ṫaḃairt duit: as uċt do ḃreiṫiúnas fíréanta.
63Bím i mo ċomrádaí ag an dream darb eagal tú: a ċoinníos dʼaiṫeanta.
64Is lán, a Ṫiarna, an doṁan de do ṫrócaire: Ó bí ag múineaḋ do reaċt dom.
Bonitatem fecisti.
65A Ṫiarna, rinne tú cineál ar do ṡeirḃíseaċ: de réir do ḃriaṫair.
66Múin dom an ḟíorṫuiscint agus an t‑eolas: ó ċreid mé dʼaiṫeanta.
67Sular buairíoḋ mé ṡiúlainn go míċeart: aċ tá do ḃriaṫar coinniṫe agam anois.
68Is maiṫ agus is lán de ġrása tú: níl uaim aċ go múinfeá do reaċta dom.
69Tá bréaga cumṫa orm ag drong an díomais: aċ coinneoiḋ mise dʼaiṫeanta le hiomlán mo ċroí.
70Ní raiṁre an ḃlonag ná a gcroí siúd: aċ is i do ḋlí a ḃíoḋ mo ḋúil.
71Is fearrde mé go raiḃ mé i mbuaireaṁ: go ḃfoġlaime mé do reaċta.
72Is ansa liom dlí do ḃéil: ná na mílte dʼór agus dʼairgead.
Manus tuae fecerunt me.
73Is iad do láṁa a rinne agus a ḋealḃaiġ mé: taḃair tuiscint dom, go ḃfoġlaime mé dʼaiṫeanta.
74Cuirfiḋ mʼḟeiceáil lúċáir ar an dream darḃ eagal tú: de ḃrí gur ċuir mé mo ṁuinín i do ḃriaṫar.
75Is feasaċ dom, a Ṫiarna, gur ceart iad do ḃreiṫiúnais: agus nár lig tú buaireaṁ orm aċ de ḃarr do ḋílseaċta.
76Bíoḋ do ċarṫanaċt trócaireaċ mar ṡólás agam: de réir do ḃriaṫair le do ġiolla.
77Tagaḋ do ṫrócairí gráṁara ċugamsa, go maire mé: óir is é do ḋlí mʼaoiḃneas.
78Faiġeaḋ luċt an díomais náire, ós fealltaċ atáid ag iarraiḋ mo scriosta: aċ is iad dʼaiṫeanta a ḃeiḋ á gcleaċtaḋ agam.
79An dream darb eagal tú, a fuair eolas dʼḟianaisí: go mba iad a dʼiompóḋ ċugam.
80Bíoḋ mo ċroí slán i do reaċta: ionas naċ ḃfaiġead náire.
Defecit anima mea.
81Ḃíoḋ cuṁa ar mʼanam i ndiaiḋ do ṡlánaiṫe: agus bíonn dea‑ḋóċas agam de ḃarr do ḃriaṫair.
82Bíonn mo ṡúile tinn le cuṁa i ndiaiḋ do ḃriaṫair: á rá, Ca huair a ṫaḃarfaiḋ tú sólás dom?
83Cé go mbímse mar ḃuidéal sa toit: ní ḋéanaim dearmad de do reaċta.
84Cá ṁéid laeṫanta a ġeoḃas do ṡeirḃíseaċ: ca huair a ḃainfiḋ tú díoltas as luċt mo ġéarleanúna?
85Ṫoċail drong an díomais poill roṁam: naċ ḃfuil de réir do ḋlí.
86Is fíor iad dʼaiṫeanta go huile: is fealltaċ a ċuireas siad géarleanúint orm; bí tusa agam mar ċaḃair.
87Is beag nár ċuireadar deireaḋ liom ar talaṁ: aċ níor ṫréig mé dʼaiṫeanta.
88Beoiġ mé de réir do ċarṫanaċta gráṁaire: agus is aṁlaiḋ ċoinneos mé fianaisí do ḃéil.
In aeternum, Domine.
89A Ṫiarna, bíonn do ḃriaṫar: ag marṫain go síoraí ar neaṁ.
90Fanann dʼḟírinne fós ó ġlúin go ċéile: is tú a ċuir bun an talaiṁ, agus is buan é.
91Leanadar go dtí an lá inniu do dʼordú: óir níl ní naċ mbíonn ag géilleaḋ duit:
92Murb é mo ḋúil a ḃeiṫ i do ḋlí: ṫaḃarfaḋ mo ḃuaireaṁ mo ḃás.
93Ní ḋéanfaiḋ mé dearmad de dʼaiṫeanta go deo: óir is leo a ḃeoiġ tú mé.
94Is leatsa mé, slánaiġ mé: óir is mé a dʼiarr dʼaiṫeanta.
95Ċuir luċt an oilc luíoċán roṁam le mo scrios: aċ is ar dʼḟianaisí a ṫaḃarfaiḋ mé mʼaire.
96Feicim go dtagann gaċ ní ċun críċe: aċ gur fada fairsing í dʼaiṫne.
Quomodo dilexi!
97A Ṫiarna, is í do ḋlí mʼansaċt: déanaim staidéar uirṫi dá mbʼḟada an lá.
98Rinne tú led aiṫeanta níos eagnaí ná mo naiṁde mé: óir níl am naċ mbíonn siad agam.
99Is fearr tuiscint mé ná mo luċt teagaisc: óir is iad dʼḟianaisí mo staidéar.
100Is eagnaí mé ná na fir aosta: de ḃrí go gcoinním dʼaiṫeanta.
101Ṫug mé ar mo ċosa fanaċt amaċ ó gaċ droċṡlí: go gcoinní mé do ḃriaṫar.
102Níor ċlaon mé siar ó do ḃreiṫiúnais: ós tú oide mo ṁúinte.
103Ní milis le mo ḃráid go dtí do ḃriaṫair: is milse iad le mo ḃéal ná mil.
104Is led aiṫeanta a ḟaiġim tuiscint: bíonn fuaṫ agam mar sin ar gaċ droċṡlí.
Lucerna pedibus meis.
105Is é do ḃriaṫar lóċrann mo ċos: agus solas mo ċosán.
106Ġlac mé mo ṁionn agus mo rún daingean: go gcoinneoiḋ mé do ḃreiṫiúnais ḟíréanta.
107Níl áireaṁ ar méid mo ḃuarṫa: beoiġ mé, a Ṫiarna, de réir do ḃriaṫair.
108Bíoḋ toirḃirtí toilteanaċa mo ḃéil do do ṡásaṁ, a Ṫiarna: agus múin do ḃreiṫiúnais dom.
109Bíonn mʼanam i mo láiṁ i gcónaí: dá ainneoin sin ní ḋéanaim dearmad ar do ḋlí.
110Ċuir luċt na nduáilcí gaiste i mo ḃealaċ: dá ainneoin sin níor ċlaon mé ó dʼaiṫeanta.
111Dʼéiliġ mé dʼḟianaisí dom féin mar oiḋreaċt ṡíoraí: agus cad ċuige? ós iad aoiḃneas féin mo ċroí iad.
112Tá mo ċroí tugṫa suas do ċoṁlíonaḋ do reaċt go deo: agus go deireaḋ aimsire.
Iniquos odio habui.
113Is fuaṫ liom luċt cumṫa na hurċóide: aċ is í do ḋlí mo ġrá.
114Is tú mo sciaṫ agus mo ċrann cosanta: agus is as do ḃriaṫar atá mo ṁuinín.
115Imigí uaim, a luċt na nduáilcí: coinneoiḋ mise aiṫeanta mo Ḋé.
116Cuir taca liom de réir do ḃriaṫair, go maire mé: agus ná lig dom dúil a ḃaint de mo ḋóċas.
117Tóg mé, agus ní baol dom: agus is iad do reaċta a ḃeas mar aoiḃneas agam.
118Ċuir tú ar imiġ ó do reaċta faoi do ċosa: óir níl á ḃeartú acu aċ bréag.
119Caiṫeann tú luċt oilc an talaiṁ uait mar ḋíoġa: dá ḃrí sin bíonn grá agam do dʼḟianaisí.
120Bíonn criṫ ar mo ċolainn le heagla roṁat: agus bíonn uaṁan orm roiṁ do ḃreiṫiúnais.
Feci judicium.
121Ní ċleaċtaím aċ a mbíonn ceart agus dlisteanaċ: ná taḃair mé i láṁa luċt mo ġéarleanúna.
122Taḃair ar do ṡeirḃíseaċ a ḋúil a ċur i ngaċ ní dá ḟeaḃas: ionas naċ ndéana luċt an díomais doċar dom.
123Meaṫann mo ṡúile le cuṁa de ṁian do ṡláinte: agus de ṁian briaṫair dʼḟíréantaċta.
124Bí le do ṡeirḃíseaċ de réir do ṫrócaire gráṁaire: agus múin do reaċta dom.
125Is mé do ṡeirḃíseaċ, bronn tuiscint orm: go gcuire mé eolas ar dʼḟianaisí.
126Tá sé in am agat, a Ṫiarna, láṁ a ċur ann: óir tá do ḋlí scriosta acu.
127Óir is ansa liom dʼaiṫeanta: ná ór agus cloċa uaisle.
128Dá ḃrí sin leanaim go dlúṫ do dʼaiṫeanta uile: agus bíonn an dúġráin agam ar gaċ slí ḃréagaċ.
Mirabilia.
129Is áḃar iontais iad dʼḟianaisí: dá ḃrí sin bíonn mʼanam á gcoinneáil.
130Nuair a imíonn do ḃriaṫar amaċ: tugann sé solas agus tuiscint do ḋaoine simplí.
131Dʼoscail mé mo ḃéal gur ṫarraing mʼanáil isteaċ: óir bíonn mo ḋúil i dʼaiṫeanta.
132Féaċ orm, agus bí trócaireaċ dom: mar is gnáċ leat le luċt gráite dʼAinm.
133Ordaiġ mo ċéimeanna i do ḃriaṫar: agus mar sin ní ḃfaiġiḋ aon olc mo ḃua.
134Fuascail mé ó ċlaonḃearta daoine: agus is aṁlaiḋ a ċoinneoiḋ mé dʼaiṫeanta.
135Noċt solas do ġnúise ar do ṡeirḃíseaċ: agus múin do reaċta dom.
136Sciordann an t‑uisce as mo ṡúile: de ḃarr naċ gcoinníonn daoine do ḋlí.
Justus es, Domine.
137Is fíréanta tú, a Ṫiarna: agus is fírinneaċ iad do ḃreiṫiúnais.
138Ní fíréantaċt ná fírinne: go dtí na fianaisí a dʼordaiġ tú.
139Táim ite le mo ḋúṫraċt: ó rinne mo naiṁde dearmad de do ḃriaṫra.
140Cuirtear féaċáil fíor‑iomlán ar do ḃriaṫar: agus bíonn grá ag do ṡeirḃíseaċ dó.
141Is beag mé féin, agus is beag an clú a fuair mé: aċ ní ḋéanaim dearmad de dʼaiṫeanta.
142Is fíréantaċt ṡíoraí í dʼfíréantaċt: agus is í an ḟírinne féin í do ḋlí.
143Rug an buaireaṁ agus an brón greim orm: aċ is iad dʼaiṫeanta mʼaoiḃneas.
144Is síoraí í fíréantaċt dʼḟianaisí: bronn tuiscint orm, agus mairfiḋ mé.
Clamavi in toto corde meo.
145Glaoim le hiomlán mo ċroí: éist liom, a Ṫiarna, ós mian liom do reaċta a ċoinneáil.
146Is ċugat go deiṁin a ġlaoim: cuidiġ liom, agus coinneoiḋ mé do reaċta.
147Glaoim ċugat ar moċ maidine: óir is as do ḃriaṫar a ḃíos mo ṁuinín.
148Ní ḃíonn mo ṡúile ar deireaḋ i ḃfairí na hoíċe: aċ ag dul i gcionn do ḃriaṫar.
149Éist le mo ġlór, a Ṫiarna, de réir do ċarṫanaċta gráṁaire: beoiġ mé mar is gnáċ leat.
150Druideann an dream liom a ḃíos do mo ġéarleanúint de ḃarr a n‑oilc dom: dream a ḃíos i ḃfad ó do ḋlí.
151Bí tusa i ḃfogas dom, a Ṫiarna: óir is fíor iad dʼaiṫeanta go huile.
152I dtaoḃ dʼḟianaisí, is feasaċ dom le fada riaṁ: gur ḃunaiġ tú iad go deo.
Vide humilitatem.
153Féaċ ar mo ḃuaireaṁ, agus fuascail mé: óir ní ḋéanaim dearmad de do ḋlí.
154Taḃair díoltas mo ċúise dom, agus fuascail mé: beoiġ mé de réir do ḃriaṫair.
155Is fada an slánú ó luċt an oilc: óir ní ṫugann siad beann ar do reaċta.
156Is mór í do ṫrócaire, a Ṫiarna: beoiġ mé, mar is gnáċ leat.
157Is iomaí duine ag cur buarṫa agus géarleanúna orm: aċ ní ċlaonaim ó dʼḟianaisí.
158Bíonn brón orm nuair a ḟeicim luċt na nduáilcí: ó naċ gcoinníonn siad do ḋlí.
159Féaċ, a Ṫiarna, mo ġrá do dʼaiṫeanta: beoiġ mé, de réir do ċarṫanaċta gráṁaire.
160Ón síoraíoċt is fíor é do ḃriaṫar: maireann breiṫiúnais dʼḟíréantaċta go saol na saol.
Principes persecuti sunt.
161Ḃíoḋ na flaṫa do mo ġéarleanúint gan áḃar: aċ ní ċuireann do ḃriaṫar uaṁan orm.
162Ní lú mo lúċáir faoi do ḃriaṫar: ná lúċáir an té a ḟaiġeann mórċreaċ.
163Bíonn fuaṫ agus gráin agam do na bréaga: aċ is í do ḋlí mo ġrá.
164Seaċt dtráṫa den lá bím do do ṁolaḋ: de ḃarr do ḃreiṫiúnais ḟíréanta.
165Is mór síoċáin luċt gráite do ḋlí: agus ní ḃíonn ní a ḃeaḋ ina áḃar titime acu.
166Ḃíoḋ súil agam, a Ṫiarna, le do ṡlánú beannaiṫe: agus ḋéanainn gníoṁ de réir dʼaiṫeanta.
167Ċoinníoḋ mʼanam dʼḟianaisí: agus ḃíoḋ grá mór aici dóiḃ.
168Tá dʼaiṫeanta agus dʼḟianaisí coinniṫe agam: óir bíonn mo ṡlite go huile i do láṫair.
Appropinquet deprecatio.
169Tagaḋ mo ċasaoid i do láṫair, a Ṫiarna: taḃair tuiscint dom, de réir do ḃriaṫair.
170Tagaḋ mʼaċainí i do láṫair: fuascail mé de réir do ḃriaṫair.
171Seinnfiḋ mo ḃéal do ṁolaḋ: nuair a ḃeas do reaċt múinte agat dom.
172Canfaiḋ mo ṫeanga faoi do ḃriaṫar: óir is fíréanta iad dʼaiṫeanta go léir.
173Bíoḋ do láṁ ag cuidiú liom: óir ġlac mé dʼaiṫeanta de roġain.
174Ṡantaínn do ṡlánú beannaiṫe, a Ṫiarna: agus is í do ḋlí mʼaoiḃneas.
175Maireaḋ mʼanam, agus molfaiḋ sí tú: agus cuideoiḋ do ḃreiṫiúnais liom.
176Ċuaiġ mé ar an seaċrán mar ċaoraiġ ḟáin: iarr do ṡeirḃíseaċ, óir ní ḋéanaim dearmad ded aiṫeanta.

Currently Selected:

Na Sailm 119: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in