Na Sailm 118
118
Salm 118.
Confitemini Domino.
1Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, ós maiṫ é: agus ó ṁaireann a ṫrócaire go síoraí.
2Adṁaíoḋ Iosrael anois, gur maiṫ é: agus go maireann a ṫrócaire go síoraí.
3Adṁaíoḋ teaġlaċ Áróin anois: go maireann a ṫrócaire go síoraí.
4Adṁaíoḋ go deiṁin an dream darb eagal an Tiarna: go maireann a ṫrócaire go síoraí.
5Ġlaoiġ mé ar an Tiarna i mo ḃuaireaṁ: agus is fial a dʼéist an Tiarna liom.
6Tá an Tiarna ar mo ṫaoḃ: ní heagal dom a ndéanfaiḋ an duine orm.
7Tá an Tiarna ag tógáil mo ṗáirte le luċt mo ċuidiṫe: feicfiḋ mé mo ṁian ar mo naiṁde dá ḃrí sin.
8Is fearr dóċas a ċur sa Tiarna: ná dóċas ar biṫ a ċur i nduine.
9Is fearr dóċas a ċur sa Tiarna: ná dóċas ar biṫ a ċur i ḃflaṫa.
10Ṫimpeallaiġ na náisiúin uile mé: aċ in Ainm an Tiarna scriosfaiḋ mé iad.
11Ḃí siad ag teannaḋ orm ó gaċ taoḃ, gan taoḃ naċ raḃadar ag teannaḋ orm: aċ in Ainm an Tiarna scriosfaiḋ mé iad.
12Ṫángadar i mo ṫimpeall mar ḃeaċa, agus táid múċta mar ṫine i measc dreasóg: óir in Ainm an Tiarna scriosfaiḋ mé iad.
13Ba ṫrom an sá a ṫug tú dom ċun mo leagṫa: aċ fuair mé cúnaṁ ón Tiarna.
14Is é an Tiarna mo ċuṁaċt agus mo ċeol: agus is é ba ṡlánú dom.
15Bíonn fuaim an tsuaircis agus na sláinte as árais cónaiṫe na ḃfíréan: is í láṁ ḋeas an Tiarna a ḋéanas mór‑éaċta.
16Bíonn bua gaċ birt ag láiṁ ḋeas an Tiarna: is í láṁ ḋeas an Tiarna a ḋéanas mór‑éaċta.
17Ní bás aċ beaṫa atá i ndán dom: le hoibreaċa an Tiarna a insint.
18Ḃí an Tiarna ag cur smaċta orm ċun mo leasa: aċ níor lig sé dom dul in éag.
19Osclaígí geataí na fíréantaċta roṁam: go dté mé tríoṫu isteaċ, agus go dtuga mé buíoċas don Tiarna.
20Is é seo geata an Tiarna: is é an fíréan a raċas isteaċ tríd.
21Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, ó dʼéist tú liom: agus ós tú is slánú dom.
22An ċloċ ċéanna a ḋiúltaiġ na saoir: tá sí mar ċloċ ċinn sa ċúinne.
23Is é sin an gníoṁ a rinne an Tiarna: agus is iontaċ é inár súile.
24Is é seo an lá a rinne an Tiarna: is lá áṫais agus lúċáire dúinn é.
25Cuidiġ liom anois, a Ṫiarna: a Ṫiarna, cuir anois ċugainn an séan.
26Go mba ḃeannaiṫe an té a ṫagann in Ainm an Tiarna: guímid an raṫ ort ó ṫeaċ an Tiarna.
27Is é Dia an Tiarna a ṫaispeáin an solas dúinn: ceangail an íobairt le cordaí, do ḃeanna féin na haltóra.
28Is tú mo Ḋia, is leat a ṫaḃarfaiḋ mé buíoċas: is tú mo Ḋia, is tú a ṁolfas mé.
29Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, ós maiṫ é: agus ó ṁaireann a ṫrócaire go síoraí.
Currently Selected:
Na Sailm 118: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965