Na Sailm 115
115
Salm 115.
Non nobis, Domine.
1Ní dúinne, a Ṫiarna, ní dúinne, aċ is dod Ainmse is dual an molaḋ: as uċt do ṫrócaire ġráṁaire, agus as uċt dʼḟírinne.
2Cad ċuige a ndéarfaiḋ na págánaiġ: cá ḃfuil a nDia san anois?
3Ós ag tráċt ar ár nDia é, is ar neaṁ atá sé: níl ní dár ṫaitin leis naċ ndearna sé.
4Níl ina n‑íola aċ airgead agus ór: agus obair láiṁe daoine.
5Bíonn béil orṫu, aċ ní laḃraíonn siad: bíonn súile ina gcinn, aċ ní ḟeiceann siad.
6Bíonn cluasa orṫu, aċ ní ċluineann siad: bíonn sróna orṫu, aċ ní ṁoṫaíonn siad aon ḃolaḋ.
7Bíonn láṁa acu, aċ ní láiṁsíonn siad; bíonn cosa acu, aċ ní ṡiúlann siad: ní mó a laḃraíonn siad as a sceadamán.
8Bíonn luċt a ndéanta mar iad: agus is ionann cás dá dtéann ina muinín.
9Aċ cuir tusa, a ṫeaġlaiġ Iosrael, do dóċas sa Tiarna: is é a gcúnaṁ agus a gcrann cosanta é.
10A ṫeaġlaiġ Áróin, cuirigí ḃur ndóċas sa Tiarna: is é a gcúntóir agus a gcosantóir é.
11An dream darb eagal an Tiarna, cuir ḃur ndóċas sa Tiarna: is é a gcúntóir agus a gcosantóir é.
12Ċuiṁniġ an Tiarna orainn, agus beannóiḋ sé sinn: beannóiḋ sé féin teaġlaċ Iosrael, beannóiḋ sé teaġlaċ Áróin.
13Beannóiḋ sé an dream darb eagal an Tiarna: idir ḃeag agus ṁór.
14Beiḋ siḃ do ḃur síorṁéadú ag an Tiarna: siḃ féin agus ḃur gclann in ḃur ndiaiḋ.
15Is siḃ an drong ar ḃeannaiġ an Tiarna siḃ: cruṫaiṫeoir neiṁe agus talaiṁ.
16Is leis an Tiarna na neaṁa ar fad: ṫug sé an talaṁ don Áḋaṁċlann.
17Ní ḃíonn na marḃáin do do ṁolaḋ, a Ṫiarna: ná an dream a ṫéann síos ċun tosta.
18Aċ molfaimidne an Tiarna: feasta agus go bráċ. Molaigí an Tiarna.
Currently Selected:
Na Sailm 115: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965