Na Sailm 116
116
Salm 116.
Dilexi, quoniam.
1Tá mʼintinn lánsásta: gur éist an Tiarna le glór mo ġuí;
2Go dtug sé cluas dom: dá ḃrí sin beiḋ mé ag glaoċ air ḟad agus a ṁairim.
3Ḃí dola an éaga do mo ṫimpeallú: ḃí pianta ifrinn ag fáil greama orm.
4Ḃí mé faoi ṫuirse agus faoi ṫroime ċroí, agus ġlaoiġ mé ar Ainm an Tiarna: A Ṫiarna, impím ort go ḃfuascla tú mʼanam.
5Is fial fíréanta an Tiarna: is ag ár nDia atá an trócaire.
6Cuṁdaíonn an Tiarna na daoine simplí: is é a ċuidiġ liom, agus mé i mbuaireaṁ.
7Bíoḋ suaiṁneas ort arís, a ṁʼanam: ó ṫug an Tiarna luaíoċt duit.
8Agus cad ċuige? Dʼḟuascail tú mʼanam ó ḃás: mo ṡúile ó ḋeora, agus mo ċosa ó ṫitim.
9Siúlfaiḋ mé i láṫair an Tiarna: ar ṫalaṁ na mbeo.
10Ċreid mé, agus laḃróiḋ mé dá ḃrí sin; aċ ba ṁór é mo ḃuaireaṁ: ṫug mé deifir orm á rá, Is bréagaċ iad na daoine go léir.
11Conas a ċúiteoiḋ mé leis an Tiarna é: ar son a ndearna sé de ṁaiṫ orm?
12Glacfaiḋ mé corn an tslánaiṫe: agus glaofaiḋ mé ar Ainm an Tiarna.
13Coṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna anois i láṫair a ṗobail uile: is lánluaċṁar bás a naoṁ i súile an Tiarna.
14Féaċ orm, a Ṫiarna, atá i mo ṡeirḃíseaċ agat: is mé do ṡeirḃíseaċ, mac do ċuṁaile; réab tú mo ċuiḃreaċa ó ċéile.
15Tairgfiḋ mé duit íobairt an ḃuíoċais: agus glaofaiḋ mé ar Ainm an Tiarna.
16Coṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna don Tiarna, faoi ṡúile a ṗobail go léir: i gcúirteanna tí an Tiarna, agus i do ċeartlár, a ċaṫair Iarúsalem. Molaigí an Tiarna.
Currently Selected:
Na Sailm 116: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965