YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 114

114
Salm 114.
In exitu Israel.
1Nuair a ṫáinig Iosrael amaċ as an Éigipt: agus nuair a ṫáinig teaġlaċ Iácóib ó ḃeiṫ i measc daoine coiṁṫíoċa,
2Ba é lúda a ṡanctóir: agus ba é Iosrael a ṫiarnas.
3Ċonaic an ṁuir sin, agus ṫeiṫ sí: cuireaḋ Sruṫ Iornáin ar gcúl.
4Ċuaiġ na sléiḃte ag léimneaċ mar reiṫí: agus na cnocáin mar uain ċaoraċ.
5Cad é ḃí ort, a ṁuir, gur ṫeiṫ tú: nó cad é ḃí ort, a Iornáin, go ndeaċaiġ tú ar gcúl?
6Cad é a ḃí oraiḃ, a ṡléiḃte, gur léim siḃ mar reiṫí: nó oraiḃ, a ċnocáin, go raiḃ siḃ ag léimneaċ mar uain ċaoraċ?
7Bíoḋ criṫ ort, a ṫalaiṁ, roiṁ láiṫreaċt an Tiarna: roiṁ láiṫreaċt Dé Iácóib;
8A rinne loċán buan den ċreagán ċrua: agus tobar fíoruisce den ċloċ ṫine.

Currently Selected:

Na Sailm 114: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in