YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 107

107
Salm 107.
Confitemini Domino.
1Tugaigí buíoċas leis an Tiarna ar a ṁaiṫeas: agus ar son a ṫrócaire a ṁairfeas de ṡíor.
2Tugaḋ an dream buíoċas a ṡlánaiġ an Tiarna: agus a dʼḟuascail sé as láiṁ an naṁad;
3Agus a ċruinniġ sé as na tíorṫa, anoirʼs aniar: aduaiḋ aʼs aneas.
4Ċuadar ar seaċrán slí san ḟásaċ: ní ḟuaireadar caṫair ċónaiṫe.
5Idir an tart agus an t‑ocras: lagaiġ a n‑anam ina lár.
6Ġlaodar mar sin ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: agus dʼḟuascail sé as a ngéiḃeann iad.
7Rinne sé eolas na slí dóiḃ: go raċaidís go dtí a gcaṫair ċónaiṫe.
8Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar son a ṁaiṫeasa: go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!
9Óir sásaíonn sé an anam ḟolaṁ: agus líonann sé an anam ocraċ de ṁaiṫeas.
10An dream a ṡuíos i ndorċadas, agus i scáil an ḃáis: ceangailte i gcruaċuiḃreaċ an anró agus an iarainn;
11De ḃrí gur éiríodar i dtréas ar ḃriaṫra an Tiarna: agus go mba ḃeag a mbeann ar ċoṁairle an Té is Airde.
12Ċuir sé trom‑ualaċ orṫu a dʼísliġ a gcroí: ṫiteadar ar lár, agus ní raiḃ fear a gcuidiṫe le fáil.
13Aċ nuair a ġlaodar ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: dʼḟuascail sé as a ngéiḃinn iad.
14Óir ṫug sé amaċ as an dorċadas agus as scáil an ḃáis iad: agus ḃris sé a gcuiḃreaċa i mbloġanna.
15Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a ṁaiṫeas: go n‑inse siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!
16Óir ḃris sé geataí an ṗráis: agus rinne sé ḋá leaṫ de na sparraí iarainn.
17Tagann plá ar na daoine amaideaċa de ḃarr a gcoire: agus de ḃarr a n‑urċóide.
18Níl cineál bia naċ mbíoḋ gráin acu air: ḃíodar i ngar do ḋoras an ḃáis.
19Aċ nuair a ġlaodar ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: is é dʼḟuascail as a ngéiḃeann iad.
20Ċuir sé a ḃriaṫar ċucu, gur leiġeasaiġ iad: agus slánaíoḋ iad ón scrios a ḃí i ndán dóiḃ.
21Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a ṁaiṫeas: go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!
22Go n‑ofrála siad íobairt an ḃuíoċais dó: go mba ġairdeaċ a ḟoilsí siad a oibreaċa!
23Luċt loingis agus luċt seolta an tsáile: a ċleaċtaíonn a gceard ar ṁórṁuir;
24Is iad a ḟeiceann oibreaċa an Tiarna: agus a ḟeiceann a iontais ar an aiḃéis ṁór.
25Focal uaiḋ, agus éiríonn an séideán gaoiṫe: a ḃíos ag tógáil a tonnta.
26Téann siad suas ċun neiṁe, agus síos go grinneall na farraige: bíonn a n‑anam ag leá leis an mbuaireaṁ.
27Sciordann siad ó ṫaoḃ go taoḃ, mar ḟear ar meisce; agus na cosa ag imeaċt as fúṫu: agus bíonn siad i mbarr a gcéille.
28Aċ nuair a ġlaonn siad ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: fuasclaíonn sé as a ngéiḃeann iad.
29Cuireann sé cosc leis an ndoineann: go socraíonn a tonnta.
30Bíonn lúċáir orṫu go ḃfuaireadar suaiṁneas: agus is aṁlaiḋ tugann sé go cuan agus go calafort iad, mar ba ṁian leo a ḃeiṫ.
31Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a ṁaiṫeas: agus go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!
32Go móra siad é i gcruinniú an ṗobail: go mola siad é i suíoċán na seanóirí!
33Déanann sé fásaċ de na sruṫáin: agus triomaíonn sé na toibreaċa uisce.
34Bánaíonn sé na tailte méiṫe: as uċt urċóide a luċt áitreafa.
35Agus déanann sé arís fuarán buan den ḟásaċ: agus toibreaċa uisce den talaṁ tirim.
36Agus cuireann sé luċt an ocrais ann: go dtóga siad caṫair dóiḃ ċun cónaiṫe;
37Go gcuire siad síol ar a dtalaṁ, agus go gcuire siad fíonġoirt: a ṫaḃarfaḋ tuilleaḋ torṫaí dóiḃ.
38Cuireann sé a ḃeannaċt orṫu, go méadaíonn siad go mór: ní ligeann sé dá n‑eallaċ dul i laġad.
39Agus arís, nuair a ṫagann laġdú nó lagaḋ orṫu: le diansmaċt, nó plá, nó buaireaṁ ar biṫ;
40Cé go ḃfearann sé díṁeas ar na flaṫa: agus go ligeann sé dóiḃ dul ar seaċrán slí san ḟásaċ;
41Cuidíonn sé ina ḋiaiḋ sin leis na boiċt a ṫeaċt as a n‑ainnise: agus déanann sé teaġlaiġ mar ṫréada caoraċ.
42Taḃarfaiḋ an fíréan sin faoina aire, agus beiḋ áṫas air: agus tostfar béal na hurċóide uile.
43An té ḃíos eagnaí, déanfaiḋ sé meaḃrú air sin: agus ġeoḃaiḋ siad tuiscint ar ċarṫanaċt ġráṁar an Tiarna.

Currently Selected:

Na Sailm 107: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in