YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 108

108
Salm 108.
Paratum cor meum.
1A Ḋia, tá mo ċroí ullaṁ, tá mo ċroí ullaṁ: beiḋ mé ag canaḋ agus ag seinm do ṁolta leis an mball is fearr de mo ḃalla.
2Dúisiġ, a liúit, agus a ċláirseaċ: is moċ maidine a ḋúiseoiḋ mé féin.
3Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, i measc na gciníoċa: seinnfiḋ mé do ṁolaḋ i measc na náisiún.
4Óir is mó do ṫrócaire ná na neaṁa: agus sroiċeann dʼḟírinne ċun na néalta.
5Éiriġ, a Dia, os cionn neiṁe: agus bíoḋ do ġlóir os cionn an talaiṁ.
6Go ḃfuascailtear do luċt cumainn: slánaíoḋ do láṁ ḋeas iad, agus taḃair éisteaċt dom.
7Laḃair Dia ina naofaċt: beiḋ mé ag déanaṁ gairdis, agus roinnfiḋ mé Secem, agus toṁasfaiḋ mé Gleann Succót.
8Is liom Gilead, agus is liom Manasses: is é Eṗráím neart mo ċinn; is é lúda mo ṡlat ríoga;
9Is é Móab mo scála níoċáin; caiṫfiḋ mé mo ḃróg uaim ṫar Édom: beiḋ an bua agam ar Ṗilistia.
10Cé a ṫreoróiḋ isteaċ sa ċaṫair láidir mé: cé a ḋéanfaiḋ eolas dom go hÉdom?
11Naċ tú a ṫréig sinn, a Ḋia: agus an é naċ toil leat, a Ḋia, dul amaċ lenár sluaite?
12Cuidiġ linn in aġaiḋ an naṁad: ós díoṁaoin cuidiú ón duine.
13Is trí Ḋia a ḋéanfaimis mór‑éaċta: agus is é a ċuireas ár naiṁde faoina ċosa.

Currently Selected:

Na Sailm 108: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in