YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 106

106
Salm 106.
Confitemini Domino.
1Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, ar a ṁaiṫeas: agus ar son a ṫrócaire a ṁaireas de ṡíor.
2Cé lér féidir gníoṁarṫa uaisle go léir an Tiarna a ċur i dtuiscint: ná áḃair uile a ṁolta a lua?
3Is beannaiṫe an drong a ḃíos ag síorċleaċtaḋ an ċirt: agus ag cur na fíréantaċta i ngníoṁ.
4Cuiṁniġ orm, a Ṫiarna, agus bí go maiṫ dom mar is maiṫ tú le do ṗobal: tar ċugam le do ṡlánú;
5Go ḃfeice mé suairceas do ḋaoine tofa: agus go mbí aoiḃneas do ṗobail ag déanaṁ aoiḃnis dom, agus go dtuga mé buíoċas mar aon led oiḋrí.
6Ṗeacaíomar mar ṗeacaiġ ár sinsear roṁainn: rinneamar an ní nár ċeart, ba urċóideaċ ár ngníoṁarṫa.
7Ní ṫug ár sinsear aird ar dʼḟearta san Éigipt, ná níor ċoinníodar cuiṁne ar do ṁórṁaiṫeas: aċ ag dul in easuṁlaíoċt ort ag an muir, dá ngairtear an Ṁuir Rua.
8Aċ ċuidiġ sé leo ina ḋiaiḋ sin as uċt a Ainm: ionas go mbʼḟeasaċ don saol a ċuṁaċt.
9Ḃagair sé fós ar an Muir Rua, gur triomaíoḋ í: gur ṡeol sé iad ṫar grinneall na farraige, ionann ʼs dá mbeidís ag siúl an ḟásaiġ.
10Agus ṡlánaiġ sé iad as láiṁ an áiḃirseora: agus dʼḟuascail sé iad as láiṁ an naṁad.
11Is ṫar luċt a mbuarṫa a ċuaiġ na tonnta: níor fágaḋ fear inste scéil.
12Ċreideadar ansin a ḃriaṫra uaiḋ: agus ċuadar ag seinm a ṁolta.
13Aċ i gcionn tamaill rinneadar dearmad dá oibreaċa: agus níorḃ áil leo fanaċt lena ċoṁairle.
14Aċ ṫáinig ainṁian orṫu san ḟásaċ: agus ċuireadar caṫú ar Ḋia ar ṡlí an uaignis.
15Agus ṫug sé ar iarradar dóiḃ: aċ gur ḃoċtaiġ sé a n‑anamaċa dá ḃarr.
16Ḃí éad orṫu le Maois agus iad faoi na pubaill: agus le hÁrón, naoṁ Dé.
17Dá ḃrí sin dʼḟoscail an talaṁ a ḃéal, gur ṡlog sé Dátán: agus gur ḟolaiġ sé coṁṫionól Abíraim.
18Agus fadaíoḋ an tine i measc a slua: agus loisc na lasraċa an drong ḋíċráifeaċ.
19Rinneadar lao i Hóreb: agus rinneadar an íoṁá ṫeilgṫe a aḋraḋ.
20Is aṁlaiḋ a ċuireadar an té ba ġlóir dóiḃ: i gcosúlaċt le gaṁain a iṫeas féar.
21Agus ba é a ndearmad Dia a Slánaiṫeoir: a rinne na mórġníoṁarṫa úd san Éigipt;
22Agus na gníoṁarṫa iontais i dTír Ċaim: agus na gníoṁarṫa uafáis ċois na Mara Rua.
23Ḃí sé á rá dá ḃrí sin, go scriosfaḋ sé iad, murab é gur ṡeas Maois, a ḋuine tofa, roiṁe sa ḃearna: le dásaċt a ḟeirge a ṫiontú i leataoḃ, ionas naċ scriosfaḋ sé iad.
24Ba ḃeag leo go deiṁin an tír aoiḃinn úd: agus níor ṫugadar creideaṁ dá ḃriaṫar;
25Aċ ag monaḃar ina bpubaill: gan éisteaċt le glór an Tiarna.
26Ṫóg sé ansin a láṁ orṫu: lena gcur ar lár san ḟásaċ;
27Lena slioċt a spré i measc na náisiún: agus lena scaipeaḋ ar fuaid na dtíorṫa.
28Ċeanglaíodar cumann le Báal Péór: agus dʼiṫeadar íobairtí na marḃ.
29Is aṁlaiḋ a dʼḟadaíodar a ḟearg lena n‑oilḃéasa féin: agus ba ṫroṁ a luiġ an ṗlá orṫu.
30Bʼansin a dʼéiriġ Ṗinéas amaċ agus a ċuir sé an breiṫiúnas i ngníoṁ: agus is aṁlaiḋ a cuireaḋ cosc leis an bplá.
31Agus measaḋ sin mar ḟíréantaċt dó: ag slioċt na slioċt go deo.
32Ċuireadar fearg air ag tobar an ċlampair: gur ċuir sé pionós ar Ṁaois ar a son;
33De ḃrí gur ċuireadar corraí ar a intinn: ionas gur laḃair sé go míċoṁairleaċ lena ḃéal.
34Níor scriosadar na págánaiġ aċ oiread: mar dʼordaiġ an Tiarna dóiḃ;
35Aċ ċuadar tríd na págánaiġ: agus dʼḟoġlaimíodar a n‑oibreaċa.
36Ionas gur aḋradar a n‑íola, rud a ċuir ar ṡlí a n‑aiṁleasa iad: ó rinneadar a mic agus a iníonaċa íobairtí do na deaṁain;
37Agus fuil neaṁċiontaċ, fuil a mac agus a n‑iníon a ḋoirteaḋ: a dʼíobradar dʼíola Ċánáin gur truaillíoḋ an tír le fuil;
38Is aṁlaiḋ a fuaireadar smál óna n‑oibreaċa féin: agus a ċuadar le stríopaċas i ndiaiḋ ar saṁlaíoḋ dóiḃ féin.
39Fadaíoḋ fearg Dé dá ḃrí sin in aġaiḋ a ṗobail féin: ar ṁoḋ gur ġráin leis a oiḋreaċt.
40Agus ṫug sé iad ar láiṁ na bpágánaċ: agus ḃí luċt a ḃfuaṫa ina dtiarnaí os a gcionn.
41Ċuir a naiṁde iad faoina gcosa: agus ḃíodar faoina smaċt.
42Is minic a dʼḟuascail sé iad: aċ gur éiríodar i dtréas air lena saṁlaíoċta féin, agus go dtug a n‑olc féin anuas iad.
43Ina ḋiaiḋ sin, nuair a ċonaic sé a mbuaireaṁ: dʼéist sé lena ngearán.
44Ċuiṁniġ sé ar a ċonraḋ, agus ḃí trua aige dóiḃ, de réir méid a ṫrócaire: agus go deiṁin ṫug sé ar an dream a rinne braiġde díoḃ trua a ḃeiṫ acu dóiḃ.
45Fuascail sinn, a Ṫiarna ár nDia, agus cruinniġ sinn ó ḃeiṫ i measc na bpágánaċ: go dtugaimid buíoċas dod Ainm naofa, agus go mbí do ṁolaḋ á ṁaíoṁ againn.
46Go mbeannaítear don Tiarna Dia Iosrael ón síoraíoċt agus go saol na saol: agus abraḋ na daoine go léir, Áiméan.

Currently Selected:

Na Sailm 106: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in