Na Sailm 105
105
Salm 105.
Confitemini Domino.
1Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, agus glaoigí ar a Ainm: insígí do na daoine a ndearna sé.
2Bíoḋ sé mar áḃar aṁrán, agus bíoḋ sé á ṁolaḋ agaiḃ: agus bígí ag caint ar a oibreaċa iontaċa.
3Ba é a Ainm naofa cúis ḃur lúċáire: oḋ áṫas croí ar luċt iarrṫa an Tiarna.
4Iarraigí an Tiarna agus a ċuṁaċt: iarraigí a ġnúis go deo.
5Cuiṁnígí ar a ndearna sé dʼoibreaċa iontaċa: ar a ḟearta agus ar ḃreiṫeanna a ḃéil.
6A Ṡíl Abraċaim, a ṡeirḃíseaċ: a ċlann Iácóib, a ḟear tofa.
7Is é an Tiarna ár nDia é: bíonn a ḃreiṫiúnais ar fuaid an doṁain.
8Ba ċuiṁneaċ leis riaṁ a ċonraḋ agus a ġealltanas: a rinne sé le míle glún;
9An conraḋ a ċeangail sé le hAbraċam: agus an ṁóid a ṁionnaiġ sé dʼÍsaac;
10A dʼainmniġ sé mar ḋlí do Iácób: agus mar ṫiomna síoraí dʼIosrael;
11Is é a dúirt sé, Is duit a ṫaḃarfaiḋ mé Tír Ċanáin: roinn ḃur n‑oiḋreaċta;
12Nuair naċ raḃadar aċ beagán ann: agus iad ina gcoiṁṫíġ sa tír;
13Nuair a dʼimídís ó náisiún go ċéile: ó ríoċt aṁáin go bunaḋ eile;
14Níor lig sé dʼaon duine doċar a ḋéanaṁ dóiḃ: aċ ag bagairt ar ríṫe féin ar a son;
15Ná bainigí dom ungṫaiġ: agus ná déanaigí doċar dom ḟáiṫe.
16Ġlaoiġ sé ansin ar an ngorta isteaċ ċun na tíre: agus lón an aráin a ċuir sé i gceal.
17Aċ ḃí an duine curṫa aige rompu: mar tá Iósaf, a ḋíolaḋ mar ḋaor;
18Ar gortaíoḋ a ċosa sa ċeap: fuair an t‑iarann greim ar a anam;
19Go dtáinig an t‑am a fuarṫas fios fáṫa a ċúise: ar féaċaḋ é le briaṫar an Tiarna.
20Cuireaḋ fios ón rí á ḟuascailt: scaoil prionsa an ṗobail a ċeann leis.
21Rinne sé tiarna de os cionn a ṫeaġlaiġ: agus maor de os cionn a ṁaoine;
22Ionas go múinfeaḋ sé a ṫoil dá ṁaiṫe: agus go múinfeaḋ sé eagna dá ṡeanadóirí.
23Ṫáinig Iosrael isteaċ san Éigipt: agus ḃí Iácób ina ċoiṁṫíoc i dtír Ċaim.
24Agus ṁéadaiġ sé go mór a ṗobal: agus rinne sé níos láidre ná a naiṁde iad;
25Ar aṫraiġ a gcroí, go dtugadar fuaṫ dá ṗobal: agus go ndearnadar feall ar a ṡeirḃísiġ.
26Ba ansin a ċuir sé uaiḋ Maois a ṡeirḃíseaċ: agus Árón an fear a ṫoġ sé.
27Ṫaispeánadar san a ċoṁarṫaí ina measc: agus iontais i dtír Ċaim.
28Ċuir sé dorċadas ċucu, agus ḃí sé dorċa: aċ ní móide a dʼuṁlaíodar dá ḃriaṫar.
29Ṫiontaiġ sé a n‑uiscí ina ḃfuil: agus ṁaraiġ sé a n‑iasc.
30Ṫug a dtalaṁ uaiḋ loscainn: go fiú i seomraí a ríṫe.
31Laḃair sé an focal, agus ṫáinig cuileoga de gaċ cineál: agus míola ina gcónaiṫe uile.
32Ṫug sé cloċa sneaċta in ionad báistí dóiḃ: agus lasraċa tine ar fuaid a dtíre.
33Ḃuail sé a gcraoḃaċa fíniúna agus a gcrainn ḟige: agus scrios sé a raiḃ de ċrainn idir a limistéirí.
34Laḃair sé an focal, agus ṫáinig na dreoláin teaspaiġ, agus péisteanna capaill gan áireaṁ: gur iṫeadar a raiḃ dʼḟéar sa tír, agus gur ṡlogadar torṫaí a dtalaiṁ.
35Ḃuail sé gaċ céadġin clainne ina dtír: an ṁéid ab ḟearr agus ba láidre orṫu.
36Ṫug sé amaċ faoi airgead agus faoi ór iad: duine lag ní raiḃ ina dtreiḃeanna.
37Ḃí lúċáir ar an Éigipt ag imeaċt dóiḃ: óir is orṫu ḃí an eagla rompu.
38Spréiġ sé an néal os a gcionn mar ċuṁdaċ: agus an tine a ṫaḃarfaḋ solas san oíċe.
39Ċuir sé na gearra goirt ċucu ar a n‑aċainí: agus líon sé dʼarán neiṁe iad.
40Scoilt sé an ċarraig ċloiċe gur sciord na huiscí aisti amaċ: gur riṫ na haiḃneaċa sna háiteanna tirime.
41Agus cad ċuige? De ḃrí gur ċuiṁniġ sé ar a ġealltanas naofa: agus ar Abraċam a ṡeirḃíseaċ.
42Agus ṫug sé amaċ a ṗobal le lúċáir: agus a ṁuintir tofa le gairdeas;
43Agus ṫug sé dóiḃ tailte na bpágánaċ: agus ṡealḃaíodar saoṫraiṫe na ndaoine.
44Ionas go gcoinneoidís a reaċta: agus go dtugaidís aire dá ḋlíṫe.
Currently Selected:
Na Sailm 105: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965