YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 104

104
Salm 104.
Benedic, anima mea.
1Mol an Tiarna, a ṁʼanam: a Ṫiarna, a Ḋia liom, tá do ġlóir as cuimse; bíonn an t‑oirearcas agus an onóir do dʼḟolaċ.
2Maisíonn tú ṫú féin leis an solas mar éadaċ: agus scaoileann tú amaċ na spéarṫa mar ṁuaḃrat.
3Leagann sé saileaċa a ṡeomra ar na tonnta: agus déanann sé carbad de na néalta, agus siúlann sé ar sciaṫáin na gaoiṫe.
4Déanann sé gaoṫa dá aingil: agus tine lasraċ dá ṫimirí.
5Ḋaingniġ sé buna an doṁain: ionas naċ mbainfí bogaḋ as go bráċ.
6Dʼḟolaiġ tú é leis an aiḃéis ṁór mar le héadaċ: ṡeas na huiscí os cionn na gcnoc.
7Teiṫeann siad roiṁ do ḃagairt: éalaíonn siad rompu le glór do ṫoirní.
8Bíonn na cnoic á n‑ardú, agus na gleannta á n‑ísliú: go dtí an t‑ionad a dʼainmniġ tú dóiḃ.
9Tá teorainneaċa curṫa agat leo naċ sáróiḋ siad: agus ní ḋéanfaiḋ siad an talaṁ a ḟolaċ aṫuair.
10Scaoileann sé sruṫáin as na toibreaċa isteaċ sna haiḃneaċa: a riṫeas idir na cnoic.
11Is astu a ólas beiṫíġ uile an ṁaċaire: agus a ċoscas na hasail fiáine a dtart.
12Is ar a mbruaċ a áitíos éanlaiṫ an aeir: agus iad ag ceiliúr i lár na gcraoḃ.
13Leagann sé uisce anuas ar na cnoic: líontar an talaṁ de ṫoraḋ do ṡaoṫair.
14Tugann sé an féar amaċ le haġaiḋ an eallaiġ: agus an luiḃ ġlas a ḃíos á saoṫrú ag an Áḋaṁċlann.
15Go mbaine sé as an talaṁ an bia, agus an fíon a ċuireas áṫas croí ar an duine: agus an ola a ċuireas aoiḃ ar a ġnúis, agus an t‑arán a neartaíos le croí an duine.
16Bíonn crainn an Tiarna lán de ṡú: na céadrais a ċuir sé ar Ṡliaḃ Liaḃáin.
17Is iontu a ḃíos na héin ag déanaṁ a nead: agus bíonn na crainn giúise mar áras ag an gcoirr ġréine.
18Bíonn na hardċnoic mar ḋídean ag na gaḃair fiáine: agus bíonn na creagaċa cloiċe faoi na coiníní.
19Ṡocraiġ sé go dtaispeánfaḋ an ġealaċ uair agus aimsir: agus is feasaċ don ġrian tráṫ a dul faoi.
20Dorċaíonn tú go mbí an oíċe ann: agus am gluaiseaċta do ḃeiṫíġ uile na coille.
21Na leoin ag búirṫeaċ ar son a gcreiċe: níl siad aċ ag iarraiḋ a gcoda ar Ḋia.
22Le héirí na gréine, siúd ar ṡiúl iad in éineaċt: ag dul a luí ina n‑uaṁanna.
23Téann an Áḋaṁċlann amaċ i gcionn oibre agus saoṫair: go dtí an tráṫnóna.
24A Ṫiarna, is líonṁar dʼoibreaċa i gcineál agus i méid: is eagnaí a rinne tú iad uile, bíonn an talaṁ lán de do ṁaoin.
25Is ionann scéal don ṁuir ṁór leaṫan: naċ ḃfuil áireaṁ ar a snáṁann inti, idir ḃeag agus ṁór.
26Is uirṫi a ṡiúlas na longa, agus is inti a ḃíos an Leḃiatán úd: dá dtug tú í mar áit ṡúgarṫa.
27Bíonn súil acusan go léir leat: go dtuga tú a gcuid bia dóiḃ i dtráṫ.
28Nuair a ṫugann tú uait é, bíonn siad á ċruinniú ċucu: nuair a osclaíonn tú do láṁ, bíonn siad á líonaḋ dá soċar.
29Nuair a ċeileann tú do ġnúis, tagann buaireaṁ orṫu: nuair a ḃeir tú a n‑anáil uaṫu, éagann siad, agus tiontófar iad arís ina gcré.
30Nuair a ligeann tú dʼanáil uait, beiḋ siad á gcruṫú: agus cuirfiḋ tú aṫrú cruṫa ar aġaiḋ an talaiṁ.
31Mairfiḋ mórġlóir an Tiarna go bráċ: beiḋ a oibreaċa ag déanaṁ lúċáire don Tiarna.
32Bainfiḋ aṁarc a ṡúl criṫ as an talaṁ: mura ndéanann sé aċ a ṁéar a ċuimilt leis na cnoic, tiocfaiḋ toit astu.
33Canfaiḋ mé don Tiarna ċoṁ fada aʼs ṁairim: molfaiḋ mé mo Ḋia le mo ḃeo.
34Is aṁlaiḋ a ṡásóiḋ mo ḃriaṫra é: ba é an Tiarna mo ċúis áṫais.
35Is é atá i ndán do na peacaiġ, a scriosaḋ de ḋroim an talaiṁ: tiocfaiḋ luċt an oilc ċun críċe.
36Mol an Tiarna a ṁʼanam: déan tusa an Tiarna a ṁolaḋ.

Currently Selected:

Na Sailm 104: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in