Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 6

6
1Agus nuair ḃris an tUan ceann de na séalaiḃ, do ḋearcas agus do ċualas ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ g‐á ráḋ mar ḃéaḋ le fuaim tóirniġe, Tar. 2Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall bán, agus boġa ’n‐a láiṁ ag an té do ḃí ar muin air; agus tugaḋ coróin dó: agus do ċuaiḋ sé amaċ ag breiṫ buaḋa agus an ḃuaiḋ ’n‐a ċóṁair.
3Agus nuair d’ḟoscail sé an dara séala, do ċualas an dara h‐ainṁiḋe g‐á ráḋ, Tar. 4Agus do ċuaiḋ capall eile amaċ, capall ruaḋ, agus tugaḋ de ċuṁaċt do’n té do ḃí ar muin air síoṫċáin do ḃaint de’n talaṁ, ċum go marḃóċaḋ na daoine a ċéile: agus tugaḋ claiḋeaṁ mór dó.
5Agus nuair d’ḟoscail sé an treas séala, do ċualas an treas ainṁiḋe g‐á ráḋ, Tar. Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall duḃ; agus meaḋ i láiṁ an té do ḃí ar muin air. 6Agus do ċualas mar ḃéaḋ guṫ i lár na gceiṫre n‐ainṁiḋe g‐á ráḋ, Miosúr cruiṫneaċtan ar ṗinginn, agus trí ṁiosúr eornan ar ṗinginn: aċt ná déan doċar do’n ola ná do’n ḟíon.
7Agus nuair d’ḟoscail sé an ceaṫraṁaḋ séala, do ċualas guṫ an ċeaṫraṁaḋ ainṁiḋe, g‐á ráḋ, Tar. 8Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall liaṫḃán: agus an té do ḃí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a ċuideaċtain. Agus tugaḋ cuṁaċt dóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid de’n talaṁ, ċum ḃeiṫ ag marḃaḋ leis an gclaiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus le h‐ainṁiḋṫiḃ allta na talṁan.
9Agus nuair d’ḟoscail sé an cúigeaḋ séala, do ċonnacas fá’n altóir anmanna na ndaoine do marḃaḋ ar son briaṫair Dé, agus ar son na fiaḋnaise ṫugadar: 10agus do ġlaoḋadar de ġuṫ árd g‐á ráḋ, Cá ḟaide ḋuit, a Ṁáiġistir naoṁṫa, ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnas agus díoġaltas do ḋéanaṁ ar luċt áitreaḃa na talṁan? 11Agus tugaḋ róba geal do gaċ duine aca; agus aduḃraḋ leo fanaṁain go suaiṁneaċ tamall beag eile, nó go gcóiṁlíontaiḋe méid a gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ agus a mbráṫar do ḃí le marḃaḋ mar iad féin.
12Agus nuair d’ḟoscail sé an séaṁaḋ séala, do ḋearcas, agus do ḃí crioṫ mór talṁan ann; agus d’éiriġ an ġrian ċóṁ duḃ le h‐éadaċ róin, agus d’éiriġ an ġealaċ lán cosṁail le fuil; 13agus do ṫuit réaltana na spéire anuas ar an talaṁ, mar ċaiṫeann crann fige a ċuid figí neaṁ‐aibiḋ nuair luascṫar é le gaoiṫ ṫréin. 14Agus d’imṫiġ spéir neiṁe mar leaḃar do fillfiḋe ar a ċéile; agus do h‐aistriġeaḋ gaċ cnoc agus gaċ oileán as a n‐ionadaiḃ féin. 15Agus do ċuaiḋ riġṫe an doṁain, agus na daoine móra, agus na taoisiġ airm, agus na h‐acfuinniġ, agus na daoine tréana, agus gaċ scláḃaiḋe, agus gaċ saor‐ḋuine i ḃfolaċ i gcuasaiḃ agus i gcairrgiḃ na sléiḃte; 16agus aduḃradar leis na sléiḃtiḃ, Tuitiḋ anuas orainn, agus foiliġiḋ ar ġnúis an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir sinn, agus ar ḋíḃeirg an Uain: 17óir atá lá mór a ḋíḃeirge tagṫa; agus cia ḟéadas seasaṁ.

Currently Selected:

Taisbeanádh 6: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in