Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 20

20
1Agus do ċonnacas aingeal ag teaċt anuas ó neaṁ, agus eoċair an duiḃeagáin agus slaḃraḋ mór ’n‐a láiṁ aige. 2Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐naṫair niṁe, gur ab é an Diaḃal agus Sátan é, agus do ċeangail sé míle bliaḋain é, 3agus do ṫeilg sé isteaċ san duiḃeagán é, agus do ḋún sé é, agus ċuir sé seala air ionnas naċ meallfaḋ sé na ciniḋeaċa a ṫuilleaḋ, nó go raiḃ deireaḋ leis an míle bliaḋain. ’N‐a ḋiaiḋ sin ní foláir a scaoileaḋ ar feaḋ tamaill ḃig.
4Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain. 5Aċt ní ṫáinig an ċuid eile de na marḃaiḃ ’n‐a mbeaṫaiḋ nó go raiḃ an míle bliaḋain istiġ. Is í seo an ċéad aiséirġe. 6Is beannuiġṫe, naoṁṫa iad‐san go ḃfuil páirt aca san gcéad aiséirġe: ní ḟuil cuṁaċt ar biṫ ag an dara bás orṫa; aċt béiḋ siad ’n‐a sagartaiḃ do Ḋia agus do Ċríost, agus riaġlóċaiḋ siad i n‐éinḟeaċt leis ar feaḋ míle bliaḋan.
7Agus nuair ḃéas deireaḋ leis an míle bliaḋain, scaoilfear Sátan as a ṗríosún, 8agus tiocfaiḋ sé amaċ ċum na gciniḋeaċ atá i gceiṫre h‐áirdiḃ an doṁain, Góg agus Magóg, do ṁeallaḋ agus do ċruinniú le ċéile ċum cogaiḋ. Ní lia gaineaṁ na fairrge ’ná iad, 9agus do ċuadar suas tar leiṫead na talṁan, agus d’iomṡuiḋeadar campa na naoṁ agus an ċaṫair ionṁain: agus ṫáinig teine anuas ó neaṁ, agus do ṡloig sí iad. 10Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.
11Agus do ċonnacas riġ‐ċaṫaoir ṁór, ġeal, agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe innti, gur ṫeiċ an talaṁ agus neaṁ ó n‐a ġnúis; agus ní raiḃ áit le fáġáil dóiḃ. 12Agus do ċonnacas na mairḃ, idir ḃeag agus ṁór, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ; agus do fosclaḋ na leaḃair: agus do fosclaḋ leaḃar eile, is é leaḃar na beaṫaḋ é: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar na marḃaiḃ as a raiḃ scríoḃṫa ins na leaḃraiḃ, do réir a ngníoṁarṫa. 13Agus ṫug an ḟairrge uaiṫi na mairḃ do ḃí innti; agus ṫug an bás agus Hádes uaṫa na mairḃ do ḃí ionnta: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar gaċ aon duine aca do réir a ġníoṁarṫa. 14Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás. 15Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.

Currently Selected:

Taisbeanádh 20: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in