Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 19

19
1’Na ḋiaiḋ sin do ċualas mar ḃéaḋ árd‐ġlór mór‐ṡluaiġ ar neaṁ, g‐á ráḋ, Allelúia! Is le n‐ár nDia an slánuġaḋ, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt: 2óir is fírinneaċ, cóir iad a ḃreiṫeaṁnaisí óir atá breiṫeaṁnas tugṫa aige ar an méirdriġ ṁóir do ṫruailliġ an doṁan le n‐a striapaċas, agus atá díoġaltas déanta aige ar son fola a ṡeirḃíseaċ atá doirtṫe ag a láiṁ. 3Agus aduḃradar Allelúia! an dara h‐uair. Agus éiriġeann a deataċ i n‐áirde go saoġal na saoġal. 4Agus do ṫuit an ceaṫrar agus fiċe seanóir agus na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe síos, agus d’aḋradar Dia atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Amen; Allelúia! 5Agus ṫáinig glór amaċ ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Molaiḋ ár nDia, siḃ‐se uile, a ṡeirḃíseaċa, agus siḃ‐se, idir ḃeag agus ṁór, go ḃfuil eagla oraiḃ roiṁe. 6Agus do ċualas mar ḃéaḋ glór mór‐ṡluaiġ, agus mar béaḋ torann uiscí iomḋa, agus mar ḃéaḋ torann tóirniġe tréine, g‐á ráḋ Allelúia! óir riaġluiġeann an Tiġearna, ár nDia Uile‐ċuṁaċtaċ anois. 7Bíoḋ árd‐áṫas agus luṫġáir ṁór orainn, agus tugaimís glóir dó: óir atá bainis an Uain tagṫa, agus atá a ḃean ullaṁ. 8Agus tugaḋ de ċéad di í féin do ċlúdú le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr: óir is é an línéadaċ mín gníoṁarṫa fíréanta na naoṁ. 9Agus aduḃairt sé liom, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na daoine fuair cuireaḋ ċum suipéir bainse an Uain. Agus aduḃairt sé liom, Briaṫra fírinneaċa Dé is eaḋ iad so. 10Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.
11Annsin do ċonnacas neaṁ ar ḟoscailt; agus féaċ, eaċ bán, agus an té do ḃí ar muin air, tugaḋ Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an ċirt do‐ġní sé breiṫeaṁnas, agus ċuireann sé cogaḋ. 12Agus atá a ṡúilí ’n‐a lasair teineaḋ, agus atá a lán coróineaċ ar a ċeann; agus atá ainm scríoḃṫa air naċ aiṫnid d’aon duine aċt dó féin. 13Agus atá sé clúduiġṫe le h‐éadaċ do tomaḋ i ḃfuil: agus is é ainm tugtar air, Briaṫar Dé. 14Agus na sluaiġte atá ar neaṁ do ḃíodar g‐á leanṁain ar éaċaiḃ bána, agus iad clúduiġṫe le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr. 15Agus atá claiḋeaṁ géar ar síneaḋ as a ḃéal, ċum na ciniḋeaċa do ḃualaḋ leis, agus riaġlóċaiḋ sé le slait iarainn iad: agus satalóċaiḋ sé d’á ċois iomar fíona dian‐ḟeirge Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ. 16Agus atá ainm scríoḃṫa ar a éadaċ agus ar a ċeaṫraṁain, Rí na Riġṫe, agus Tiġearna na dTiġearna.
17Agus do ċonnacas aingeal aṁáin ’n‐a ṡeasaṁ san ngréin; agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, g‐á ráḋ leis na h‐éanlaiṫiḃ go léis do ḃí ar eiteall i lár na spéire, Tigiḋ, cruinniġiḋ le ċéile fá ċóṁair suipéir ṁóir Dé; 18ċum feoil na riġṫe d’iṫe, agus feoil na dtaoiseaċ míleata, agus feoil na ndaoine tréan, agus feoil na gcapall agus na marcaċ atá ar muin orṫa, agus feoil an uile ḋuine, idir ṡaor agus ḋaor, idir ḃeag agus ṁór.
19Agus do ċonnacas an t‐ainṁiḋe agus riġṫe an doṁain, agus a ṡluaiġte cruinniġṫe le ċéile ċum cogaḋ do ċur ar an té do ḃí ar muin an eiċ, agus le n‐a ṡluaġ‐san. 20Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ. 21Agus do marḃaḋ an ċuid eile ḋíoḃ leis an gclaiḋeaṁ do ḃí ar síneaḋ as béal an té do ḃí ar muin an eiċ: agus d’iṫ na h‐éanlaiṫe go léir a sáiṫ d’á ḃfeoil.

Currently Selected:

Taisbeanádh 19: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in