Taisbeanádh 21
21
1Agus do ċonnacas neaṁ úr‐nua agus talaṁ úr‐nua: óir do ḃí an ċéad neaṁ agus an ċéad talaṁ imṫiġṫe, agus ní raiḃ an ḟairrge ann ní ba ṁó. 2Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir. 3Agus do ċualas árd‐ġlór ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Féaċ, atá tabernacal Dé ag daoiniḃ, agus déanfaiḋ sé cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt leo, agus béiḋ siad ’n‐a bpobal aige, agus béiḋ Dia féin ’n‐a ḃfoċair, agus béiḋ sé aca mar Ḋia: 4agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal. 5Agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, aduḃairt sé, Féaċ, atáim ag déanaṁ an uile niḋ as an nua. Agus aduḃairt sé, Scríoḃ: óir is fírinneaċ, ionnraic na briaṫra so. 6Agus aduḃairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosaċ agus an deireaḋ. Do’n té go ḃfuil tart air do‐ḃéarfad le n’ól de ṫobar uisce na beaṫaḋ i n‐aisce ḋó. 7An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa. 8Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.
9Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe líonta de na seaċt bpláiġeannaiḃ deireannaċa aige; agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit an ḃean nua‐ṗósta, bean an Uain. 10Agus rug sé leis mé san Spiorad go dtí sliaḃ mór árd, agus do ṫaisbeáin sé ḋom an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem, ag teaċt anuas as na flaiṫeasaiḃ ó Ḋia, 11agus glóir Dé uirṫi. Do ḃí a deallraṁ cosṁail le cloiċ ṡár‐luaċṁair, mar ḃéaḋ cloċ iaspair, ċóṁ soillseaċ le criostal. 12Do ḃí balla mór, ard aici, agus ḃí ḋá ġeata déag ann, agus do ḃí ḋá aingeal déag ag na geataiḃ, agus ainmneaċa scríoḃṫa orṫa, ainmneaċa ḋá ṫreiḃ déag cloinne Israel. 13Do ḃí trí ġeata ar an taoḃ ṫoir di; trí ġeata ar an taoḃ ṫuaiḋ ḋí; trí ġeata ar an taoḃ ṫeas di; agus trí ġeata ar an taoḃ ṫiar di. 14Agus do ḃí ḋá ḟoṫa déag fá’n gcaṫair, agus ḋá ainm déag ḋá abstal déag an Uain orṫa. 15Agus an té do ḃí ag laḃairt liom, ḃí giolcaċ óir mar ṁiosúr aige ċum an ċaṫair, agus na geataí, agus an balla do ṫóṁas. 16Agus atá an ċaṫair bunuiġṫe go ceaṫair‐ċeárnaċ, agus is ionann faide agus leiṫead di: agus do ṫóṁais sé an ċaṫair leis an ngiolcaċ, ḋá ṁíle déag staid: is ionann faide agus leiṫead agus áirde ḋi. 17Agus do ṫóṁais sé an balla, céad, dá ḟiċid is ceiṫre cuḃaid, do réir miosúir duine, is é sin miosúr aingil. 18Agus do ḃí an balla déanta de iaspar: agus ḃí an ċaṫair ’n‐a h‐ór glan, cosṁail le gloine ṡoillsiġ. 19Do ḃí foṫaí balla na caṫraċ maisiġṫe le cloċaiḃ luaċṁara de gaċ saġas; ba ċloċ iaspair an ċéad ḟoṫa; saifír an dara foṫa, cailcéadón an tréas foṫa; smaragaid an ceaṫraṁa foṫa; 20sárdónics an cúigeaḋ foṫa; sáird an séṁaḋ foṫa; criosalít an seaċtṁaḋ foṫa, béiril an t‐oċtṁaḋ foṫa; tópás an naoṁaḋ foṫa; criosófrás an deiċeaṁaḋ foṫa; iacint an t‐aonṁaḋ foṫa déag; aimitist an dara foṫa déag. 21Agus ḋá ṗéarla déag ab eaḋ an dá ġeata déag; do ḃí gaċ geata ar leiṫ déanta d’aon ṗéarla aṁáin; agus ḃí sráid na caṫraċ ’n‐a h‐ór glan‐úr, mar ḃéaḋ gloine ṡoillseaċ. 22Agus ní ḟacas aon teampall istiġ innti: óir is é an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ, mar aon leis an Uan, is teampall di. 23Agus ní ḟuil gáḃaḋ ag an gcaṫair leis an ngréin, ná leis an ngealaiġ ċum í do ṡoillsiú: óir soillsiġeann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di. 24Agus siuḃalfaiḋ na ciniḋeaċa fá n‐a solas: agus béarfaiḋ riġṫe na talṁan a nglóir isteaċ innti. 25Agus ní dúnfar a geataí de ló (óir ní ḃéiḋ aon oiḋċe annsin): 26agus béarfar glóir agus gradam na gciniḋeaċ isteaċ innti: 27agus ní raċaiḋ isteaċ innti éinniḋ neaṁ‐ġlan, ná aon duine do‐ġní gráineaṁlaċt nó bréag: aċt na daoine aṁáin go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain.
Currently Selected:
Taisbeanádh 21: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.