Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 18

18
1Tar éis na neiṫe seo do ċonnacas aingeal eile ag teaċt anuas ó neaṁ, agus cuṁaċt ṁór aige; agus do lonnruiġ an talaṁ le n‐a ġlóir. 2Agus do ġlaoḋ sé amaċ de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Tuitṫe! tuitṫe! atá sí tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, agus atá áitreaḃ deaṁan déanta ḋi, agus uaċais do gaċ spiorad neaṁ‐ġlan, agus carcair do gaċ éan neaṁ‐ġlan, aḋḟuaṫṁar. 3Óir atá na ciniḋeaċa go léir tuitṫe ar lár de ḋeascaiḃ fíona díḃeirge a drúise; agus do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus d’éiriġ ceannaiḋṫe an doṁain saiḋḃir de ḃárr a saḋaile.
4Agus do ċualas glór éile ó neaṁ, g‐á ráḋ, Tagaiḋ amaċ aisti, a ṗobail liom, ċum naċ mbéiḋ aon roinn liḃ ’n‐a peacaiḋiḃ, agus naċ dtógfaiḋ siḃ cuid d’á pláiġiḃ: 5óir atá a peacaiḋe ’n‐a gcarn go neaṁ, agus do ċuiṁniġ Dia ar a míġníomarṫaiḃ. 6Cúitiġiḋ‐se léi do réir mar ċúitiġ sise liḃ, agus taḃraiḋ ḋá oiread ḋi agus ṫug sise ḋaoiḃ: meascaiḋ‐se ḋi go dúbalta san gcupán ’n‐ar ṁeasc sise. 7Dá ṁéid dár éiriġ sí mórtasaċ, sáiṫeaċ i saḋaile, taḃraiḋ‐se ḋi an oiread céadna de ċiapaḋ agus de ḋoilġeas: óir adeir sí ’n‐a croiḋe, Atáim im’ ṡuiḋe im’ ḃainrioġain, ní baintreaḃaċ mé, agus ní ḟeicfead lá bróin. 8Ar an aḋḃar sin, san aon lá aṁáin, tiocfaiḋ a pláiġeanna, an bás, agus an brón, agus an gorta; agus dóiġfear í ar fad le teiniḋ, óir is láidir é an Tiġearna Dia ṫug breiṫeaṁnas uirṫi. 9Agus riġṫe an doṁain do ċleaċt drúis léi, agus do ċaiṫ a saoġal i saḋaile i n‐éinḟeaċt léi, béiḋ siad ag gol agus ag caoineaḋ mar ġeall uirṫi, ar aṁarc dóiḃ ar ḋeataċ a dóiġte, 10’n‐a seasaṁ ḋóiḃ i ḃfad uaiṫi le criṫ‐eagla mar ġeall ar a ciapaḋ, g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair ṁór, Baibiolóin, an ċaṫair ṫréan! óir i n‐aon uair aṁáin atá do ḃreiṫeaṁnas tagṫa ort. 11Agus atá ceannaiḋṫe an doṁain ag gol agus ag caoineaḋ mar ġeall uirṫi, toisc gan duine ḃeiṫ ann ċeannóċas a ṫuilleaḋ d’á luċtaiḃ: 12luċta óir agus airgid, agus cloċ luaċṁar, agus péarlaí, agus línéadaiġ ṁín, agus corcra, agus síoda, agus caoir‐ḋeirge; agus gaċ saġas aḋmaid liomóide, agus gaċ saġas soiṫiġ déid, agus gaċ saġas soiṫiġ atá déanta d’aḋmad luaċṁar, agus d’uṁa, agus d’iarann, agus de ṁarmar; 13agus cainéal, agus spíosraí, agus balsam, agus miorr, agus túis, agus fíon, agus mion‐ṗlur, agus cruiṫneaċt, agus eallaċ, agus caoiriġ: agus capaill agus carbaid, agus cuirp agus anmanna daoine. 14Agus na torṫa gur ċuir t’anam dúil ionnta, atá siad imṫiġṫe uait, agus atá gaċ uile niḋ glé‐ṁaiseaċ, glórṁar, imṫiġṫe uait, agus ní ḃfaiġfear iad arís go deoiḋ. 15Ceannaiḋṫe na neiṫe seo d’éiriġ saiḋḃir tríṫi, seasóċaiḋ siad i ḃfad uaiṫi, ar eagla a ciapṫa, ag gol agus ag déanaṁ bróin: 16g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair mór do ḃíoḋ clúduiġṫe le línéadaċ mín, agus le corcra, agus le h‐éadaċ caoir‐ḋearg, agus do ḃíoḋ maisiġṫe le h‐ór, agus le seodaiḃ luaċṁara, agus le péarlaiḃ! 17óir i n‐aon uair aṁáin do scriosaḋ an mór‐ṡaiḋḃreas úd. Agus gaċ caiptín luinge, agus gaċ duine do‐ġní maraiḋeaċt, agus gaċ fuireann luinge, agus gaċ dream do‐ġní tráċtáil mara, d’ḟanadar ’n‐a seasaṁ i ḃfad uaiṫi, 18agus do ġlaoḋadar amaċ, ar dearcaḋ ḋóiḃ ar ḋeataċ a dóiġte, g‐á ráḋ, Cia an ċaṫair do ḃí cosṁail leis an gcaṫair ṁóir seo? 19Agus do ċaiṫeadar luaiṫreaḋ ar a gceannaiḃ, agus do liúġadar, ag caoineaḋ agus ag déanaṁ bróin, g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair ṁór mar ar éiriġ an uile ḋuine ag a raiḃ loingeas ar muir acfuinneaċ de ḃárr a saiḋḃris ṁóir! óir i n‐aon uair aṁáin do scriosaḋ í! 20Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.
21Agus do ṫóg aingeal tréan‐láidir cloċ do ḃí cosṁail le cloiċ ṁóir ṁuilinn, agus do ṫeilg sé isteaċ san ḃfairrge í, g‐á ráḋ, Mar seo is eaḋ leagfar go tréan‐aḋḃal Baibilóin, an ċaṫair ṁór, agus ní ḃéiḋ sí le fáġáil arís go deoiḋ. 22Agus ní cluinfear fuaim cláirseora, ná ceoltóra, ná fliúiteora, ná trompadóra ionnat arís go deoiḋ; agus ní ḃéiḋ ceárdaiḋe de ċeird ar biṫ le fáġáil ionnat arís go deoiḋ; agus ní cluinfear fuaim brón ionnat arís go deoiḋ; 23agus ní ḃéiḋ solas lampa ag soillsiú ionnat arís go deoiḋ; agus ní cluinfear guṫ an ḟir nua‐ṗósta, ná guṫ mná nua‐ṗósta ionnat arís go deoiḋ: óir ba iad daoine móra na talṁan do ċeannaiḋṫe; agus is led’ ḋraoiḋeaċt do meallaḋ na ciniḋeaċa go léir. 24Agus is innti‐se fríṫ fuil na ḃfáiḋ agus na naoṁ, agus fuil ar marḃaḋ ar doṁan.

Currently Selected:

Taisbeanádh 18: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in