Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 17

17
1Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe aca, agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit breiṫeaṁnas na méirdriġe móire atá suiḋte ar uisciḃ iomḋa. 2Do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus do cuireaḋ luċt áitreaḃa na talṁan ar meisce le fíon a drúise. 3Agus rug sé leis mé san Spiorad isteaċ i ḃfásaċ, agus do ċonnacas bean ’n‐a suiḋe ar ainṁiḋe do ḃí ar ḋaṫ corcra, é lán d’ainmneaċaiḃ dia‐ṁaslaiḋ, agus seaċt gcinn agus deiċ n‐aḋarca aige. 4Agus do ḃí an ḃean clúduiġṫe fá éadaiġiḃ caoir‐ḋearga agus corcra, agus do ḃí sí maisiġṫe le h‐ór agus le cloċaiḃ luaċṁara agus le péarlaiḃ, agus do ḃí cupán óir ’n‐a láiṁ aici, agus é lán de ḋeistean agus de ḃréantas a drúise, 5agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan. 6Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm. 7Agus aduḃairt an t‐aingeal liom, Cad ċuige an t‐iongnaḋ sin ort? Míneoċad‐sa ḋuit rúindiaṁair na mná agus an ainṁiḋe iomċaras í, go ḃfuil na seaċt gcinn agus na deiċ n‐aḋarca aige. 8An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt. 9Annso atá riaċtanas le h‐aigne ṫuigseanaiġ. Na seaċt gcinn úd do ċonnacais, ar a ḃfuil an ḃean ’n‐a suiḋe, seaċt gcnuic is eaḋ iad: 10agus is seaċt riġṫe iad, leis; atá cúig cinn díoḃ tuitṫe ar lár, atá ceann aṁáin díoḃ beo, ní ḟuil an ceann eile tagṫa fós; agus nuair ṫiocfas sé, caiṫfiḋ sé fanaṁain tamall beag. 11Agus an t‐ainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ ḃfuil ann, is é an t‐oċtṁaḋ ceann é, agus baineann sé leis na seaċt gceannaiḃ eile; agus atá sé ar an sliġe ċum léirscriosta. 12Agus na deiċ n‐aḋarca do ċonnacais, is deiċ riġṫe iad naċ ḃfuair ríoġaċt fós; aċt go‐ġeiḃ siad cuṁaċt mar riġṫe, ar feaḋ uaire, i n‐éinḟeaċt leis an ainṁiḋe. 13Atá siad so ar aon ċoṁairle, agus do‐ḃeir siad a neart agus a gcuṁaċt do’n ainṁiḋe. 14Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis. 15Agus aduḃairt sé liom, Na h‐uiscí úd do ċonnacais, mar a ḃfuil an ṁéirdeaċ ’n‐a suiḋe, is poibleaċa, agus sluaiġte, agus ciniḋeaċa, agus teangṫaċa iad. 16Agus na deiċ n‐aḋarca do ċonnacais, agus an t‐ainṁiḋe, ḃéarfaiḋ siad fuaṫ do’n ṁéirdriġ, agus fágfaiḋ siad tréigṫe, lomnoċt í, agus íosaiḋ siad a feoil, agus dóiġfiḋ siad le teiniḋ í. 17Óir do ċuir Dia ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ a ṫoil do ḋéanaṁ, agus a ḃeiṫ ar aon ċóṁairle, agus a ríoġaċt do ṫaḃairt do’n ainṁiḋe, nó go gcóiṁlíontar briaṫra Dé. 18Agus an ḃean do ċonnacais, ís í an ċaṫair ṁór í, go ḃfuil réimeas aici ar riġṫiḃ an doṁain.

Currently Selected:

Taisbeanádh 17: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in