Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 11

11
1Agus tugaḋ ḋom giolcaċ do ḃí cosṁail le slait: agus aduḃraḋ liom, Éiriġ, tóṁais teampall Dé, agus an altóir, agus na daoine atá ag aḋraḋ annsin. 2Agus leig ṫart an ċúirt atá taoḃ amuiġ de’n teampall, agus ná tóṁais í: óir atá sí taḃarṫa do na ciniḋeaċaiḃ: agus gaḃfaiḋ siad‐san de ċosaiḃ ar an naoṁ‐ċaṫair ar feaḋ ḋá ṁí agus dá‐ḟiċid. 3Agus do‐ḃéarfad de ċead dom’ ḃeirt ḟiaḋnaiḋe tarngaireaċt do ḋéanaṁ ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá, agus éadaċ róin mar ċlúdaċ orṫa. 4Is iad seo an dá ola‐ċrann agus an dá ċoinnleoir ṡeasuiġeas os cóṁair Tiġearna an doṁain. 5Aoinneaċ gur mian leis doċar do ḋéanaṁ ḋóiḃ, tagann teine amaċ as a mbéal, agus slugann sí a náiṁde: agus duine ar biṫ gur mian leis doċar do ḋéanaṁ ḋóiḃ, is ar an gcuma sin marḃóċar é. 6Atá ar ċumas dóiḃ an spéir do ḋúnaḋ, ċum naċ dtuitfiḋ aon ḃáisteaċ ar feaḋ laeṫe a dtarngaireaċta: agus atá ar ċumas dóiḃ na h‐uiscí d’aṫrú ’n‐a ḃfuil, agus an talaṁ do ḃualaḋ le gaċ saġas pláiġe, ċóṁ minic agus is áil leo. 7Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad. 8Agus béiḋ a gcuirp sínte ’n‐a luiġe i sráid na caṫraċ móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasaḋ a dTiġearna, ċóṁ maiṫ. 9Agus béiḋ daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ cineaḋ ag dearcaḋ ar a gcorpaiḃ ar feaḋ trí lá go leiṫ, agus ní leigfiḋ siad d’á gcorpaiḃ ḃeiṫ g‐á gcúr i dtuama. 10Agus déanfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan gáirdeaċas os a gcionn; agus cuirfiḋ siad taḃartaisí ċum a ċéile, de ḃriġ gur ċiapuiġ an ḃeirt ḟáiḋ luċt áitreaḃa na talṁan. 11Agus i gcionn trí lá go leiṫ, do ċuaiḋ spiorad na beaṫaḋ ṫáinig ó Dia ionnta, agus d’éiriġeadar ar a gcosaiḃ; agus ṫáinig crioṫ‐eagla ṁór ar na daoiniḃ do ċonnaic iad. 12Agus do ċualadar glór mór ó neaṁ g‐á ráḋ leo, Gaḃaiḋ aníos annso. Agus do ċuadar suas ar neaṁ san néall; agus do ċonnaic a náiṁde iad. 13Agus an uair ċéadna sin do ḃí crioṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deiċeaṁaḋ cuid de’n ċaṫair ar lár, agus do marḃaḋ seaċt míle duine san gcrioṫ talṁan agus do scannruiġ an ċuid eile ḋíoḃ, agus ṫugadar glóir do Ḋia na ḃflaiṫeas.
14Atá deireaḋ leis an dara mairg: féaċ, atá an treas mairg ag teaċt go luaṫ.
15Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal. 16Agus an ceaṫrar seanóir agus fiċe atá ’n‐a suiḋe ar a riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ os cóṁair Dé, do ṫuiteadar ar a n‐aiġṫiḃ fúṫa, 17agus d’aḋradar Dia, g‐á ráḋ, Do‐ḃeirimíd a ḃuiḋeaċas leat, a Ṫiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaiġ, atá ann, agus do ḃí ann, agus ḃéas ann; gur ġaḃais ċugat do ċuṁaċt, agus gur ġlacais réimeas ríoġ. 18Agus d’éiriġ na ciniḋeaċa feargaċ, agus ṫáinig t’ḟearg‐sa, agus tráṫ breiṫeaṁnais na marḃ, agus an tráṫ ċum a luaiġeaċt do ṫaḃairt dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe, agus do na naoṁaiḃ, agus do na daoiniḃ gur ab eagal leo t’ainm, idir ḃeag agus ṁór; agus ċum scriosadóirí na talṁan do scrios.
19Agus do fosclaḋ teampall Dé ar neaṁ; agus do noċtaḋ airc a ċonnarṫa istiġ ’n‐a ṫeampall; agus do ḃí teinnteaċa, agus glórṫa, agus tóirneaċa, agus crioṫ talṁan, agus cloiċ‐ṡneaċta mór ann.

Currently Selected:

Taisbeanádh 11: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in