Bible App logo
Search Icon

Chum na bhFilipíneach 3

3
1I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna. Ní ḟuil tuirse orm ag scríoḃaḋ na neiṫe céadna arís, aċt déanfaiḋ sé ḃur leas‐sa. 2Seaċnaiḋ na madraí, seaċnaiḋ na droċ‐oibriḋṫe, seaċnaiḋ luċt an ċóiṁġearrṫa: 3óir is sinne luċt an ḟír‐ṫimċeall‐ġearrṫa, do‐ġní aḋraḋ tré Spiorad Dé, agus do‐ġní maoiḋṁeaċas as Íosa Críost, 4gan muiniġin ḃeiṫ againn as an ḃfeoil: giḋ go mb’ ḟéidir liom‐sa muiniġin do ċur as an ḃfeoil féin: má’s dóiġ le h‐aoinneaċ gur féidir leis muiniġin do ċur as an ḃfeoil, is mó ’ná sin is féidir liom‐sa: 5mise do timċeall‐ġearraḋ an t‐oċtṁaḋ lá, do ṡíolruiġ ó ṫreiḃ Ḃeniamín, Eaḃraiḋeaċ ṫáinig ó Eaḃraiḋiḃ; i dtaoḃ na dliġe im’ Ḟairsíneaċ; 6i dtaoḃ díoġraise, inġreimṫeaċ na h‐eaglaise; i dtaoḃ na fíréantaċta atá san dliġe, fríṫ mé ḃeiṫ gan loċt. 7Aċt na neiṫe do ḃí mar ṫáirḃe ḋaṁ‐sa, do ṁeasas gur ċailleaṁain ar son Ċríost iad. 8Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost, 9agus go ḃfaiġfiḋe mé ann, gan fíréantaċt dem’ ċuid féin ḃeiṫ agam, fíréantaċt ó’n dliġe, aċt an ḟíréantaċt ṫig ó Ḋia tré ċreideaṁ; 10ċum go ḃfaiġead eolas air, agus ar ċuṁaċt a aiséiriġṫe, agus ar rannṗáirteaċt ’n‐ar ḟulaing sé, dom’ ċur i gcosaṁlaċt leis ’n‐a ḃás; 11le súil go n‐éireoċaḋ liom, ar ċor ar biṫ, an aiséirġe ó na marḃaiḃ do roċtain. 12Ní h‐é go ḃfuil ceann cúrsa sroiċte agam ċeana, nó go ḃfuil bárr feaḃais orm fós; aċt atáim ag bualaḋ ar aġaiḋ, mar ḋúil is go ḃfaiġinn sealḃ air, mar fuair Íosa Críost sealḃ orm‐sa. 13A ḃráiṫre, ní h‐é go measaim go ḃfuil sé im’ ṡeilḃ fós: aċt atá aon niḋ aṁáin d’á ḋéanaṁ agam, ag déanaṁ dearmaid ar a ḃfuil ar mo ċúl agam, agus ag síneaḋ ċum a ḃfuil róṁam, 14atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost. 15D’á ḃriġ sin, bíoḋ an dearcaḋ sin ag an méid dínn atá lán‐ḟoirḃṫe: agus má tá a ṁalairt de ḋearcaḋ fá rud ar biṫ agaiḃ, 16noċtfaiḋ Dia an rud sin daoiḃ: aċt aṁáin, an fad atá sroiċte againn, ċeana, leanamaís d’á réir.
17A ḃráiṫre, déanaiḋ‐se aiṫris orm‐sa i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus coiṁeádaiḋ súil orṫa‐san leanas do réir an tsompla do‐ḃeirimíd daoiḃ. 18Óir atá a lán daoine ag siuḃal, gur inniseas daoiḃ go minic le deoraiḃ ’n‐a dtaoḃ, gur náiṁde do ċrois Ċríost iad: 19gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta. 20Óir is ar neaṁ atá ár n‐áitreaḃ‐na; agus is ó’n áit sin atáimíd ag fanaṁain le Slánuiġṫeoir, an Tiġearna Íosa Críost: 21an té ċuirfeas malairt croṫa ar ċorp so ár h‐uṁlaiḋeaċta, ċum go ndéanfar cosṁail é le n‐a ċorp glórṁar féin, do réir an ċumais atá aige ċum gaċ uile niḋ do ṫaḃairt fá n‐a ċeannas féin.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in