1
Chum na bhFilipíneach 3:13-14
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
A ḃráiṫre, ní h‐é go measaim go ḃfuil sé im’ ṡeilḃ fós: aċt atá aon niḋ aṁáin d’á ḋéanaṁ agam, ag déanaṁ dearmaid ar a ḃfuil ar mo ċúl agam, agus ag síneaḋ ċum a ḃfuil róṁam, atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost.
Compare
Explore Chum na bhFilipíneach 3:13-14
2
Chum na bhFilipíneach 3:10-11
ċum go ḃfaiġead eolas air, agus ar ċuṁaċt a aiséiriġṫe, agus ar rannṗáirteaċt ’n‐ar ḟulaing sé, dom’ ċur i gcosaṁlaċt leis ’n‐a ḃás; le súil go n‐éireoċaḋ liom, ar ċor ar biṫ, an aiséirġe ó na marḃaiḃ do roċtain.
Explore Chum na bhFilipíneach 3:10-11
3
Chum na bhFilipíneach 3:8
Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost
Explore Chum na bhFilipíneach 3:8
4
Chum na bhFilipíneach 3:7
Aċt na neiṫe do ḃí mar ṫáirḃe ḋaṁ‐sa, do ṁeasas gur ċailleaṁain ar son Ċríost iad.
Explore Chum na bhFilipíneach 3:7