Chum na bhFilipíneach 4
4
1Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine ’n‐a ḃfuil dúil mo ċroiḋe, agus atá mar ḃród agus mar ċoróin agam, seasaiḋ go daingean san Tiġearna, a ċáirde dílse.
2Impiḋim ar Eúódia, agus impiḋim ar Ṡuntiċe, ḃeiṫ ar aon intinn san Tiġearna. 3Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.
4Déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna i gcóṁnaiḋe: adéarfad arís é, Déanaiḋ gáirdeaċas. 5Bíoḋ ḃur gcaoiṁe soiléir do’n uile ḋuine. Atá an Tiġearna i gcóṁgar. 6Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais. 7Agus síoṫċáin Dé ṡáruiġeas gaċ tuigsin, coiṁeádfaiḋ sí ḃur gcroiḋeaċa agus ḃur smaointe i nÍosa Críost.
8I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ. 9Na neiṫe d’ḟoġlaim siḃ, agus do ċuala siḃ, agus do ċonnaic siḃ ḃeiṫ ionnam‐sa, cleaċtuiġiḋ‐se na neiṫe sin: agus béiḋ Dia na síoṫċána liḃ.
10Aċt do‐ġním gáirdeaċas mór san Tiġearna, de ḃriġ gur aiṫḃeoḋuiġ siḃ anois ar deireaḋ ḃur gcúram im’ ṫaoḃ‐sa: is fíor go raiḃ siḃ cúramaċ, aċt do ṫeastuiġ faill uaiḃ ċuige. 11Ní h‐é go ḃfuilim ag laḃairt mar ḃéinn fá easbaiḋ: óir d’ḟoġlaimeas cionnas fanaṁain sásta, is cuma cia an staid ’n‐a mbím. 12Is eol dom cionnas ḃeiṫ úiríseal, agus ḃeiṫ ar mo lánṁian: ar gaċ sliġe agus san uile niḋ d’ḟoġlaimeas cionnas ḃeiṫ sáiṫeaċ, agus cionnas ḃeiṫ ocraċ, cionnas ḃeiṫ i ḃflúirse, agus cionnas ḃeiṫ i ngátar. 13Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé. 14Cia ar biṫ e, is maiṫ do rinne siḃ é, go raiḃ siḃ páirteaċ liom im’ anró. 15Agus atá a ḟios agaiḃ féin, a Ḟilipíneaċa, nuair d’imṫiġeas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a ṫús, naċ ndeaċaiḋ eaglais ar biṫ i bpáirt liom fá ḃronnaḋ agus fá ġlacaḋ, 16aċt siḃ‐se aṁáin; óir i dTesaloníca féin dom do ċuir siḃ congnaṁ ċugam uair nó dó le h‐aġaiḋ mo riaċtanais. 17Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ. 18Atá gaċ niḋ go h‐iomadaṁail agam: atá mo lán‐dóṫain agam, óir na neiṫe ṫáinig uaiḃ‐se, atá mar ḃolaḋ deaġ‐ċuṁra, íoḋbairt ionġlacṫa, taiṫneaṁaċ ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad. 19Agus soláṫróċaiḋ Dia gaċ a ḃfuil i n‐easnaṁ oraiḃ do réir a raċmais i nÍosa Críost. 20Anois glóir do Ḋia agus d’ár nAṫair go saoġal na saoġal. Amen.
21Beannuiġiḋ do gaċ naoṁ i nÍosa Críost. Na bráiṫre ata im’ ḟoċair, beannuiġeann siad daoiḃ. 22Beannuiġeann na naoiṁ go léir daoiḃ, iad‐san go mórṁór ḃaineas le luċt tiġe Ċéasair.
23Grása an Tiġearna Íosa Críost go raiḃ le n‐ḃur spiorad.
Currently Selected:
Chum na bhFilipíneach 4: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.