Séamas 3
3
1Ná bíoḋ mórċuid díḃ ’n‐ḃur luċt teagaisc, a ḃráiṫre, agus a ḟios agaiḃ gur troime‐de an breiṫeaṁnas ġeoḃaimíd d’á ḃárr. 2Óir is iomḋa tuisleaḋ do‐ġeiḃ gaċ duine againn. Má tá aoinneaċ naċ dtuisliġeann i mbriaṫraiḃ béil, duine lán‐ḟoirḃṫe is eaḋ é, duine go ḃfuil ar ċumas dó srian do ċur le n‐a ċolainn ar fad. 3Má ċuirimíd srianta isteaċ i mbéal na gcapall, ċum go ngéillidís dúinn, tionntuiġmíd a gcorp uile ṫart, ċóṁ maiṫ. 4Mar an gcéadna do na longaiḃ, agus iad ċóṁ mór sin, d’á dtiomáint rómpa ag gaoṫaiḃ garḃa, tiontuiġtear iad le stiúir an‐ḃiġ, do réir tola an stiúrṫóra. 5Is aṁlaiḋ do’n teangain, ball an‐ḃeag is eaḋ í, agus bíonn eaċtraí móra d’á maoiḋeaṁ aici. Féaċ an méid connaiḋ faduiġtear le teiniḋ ḃig. 6Agus is teine an teanga: doṁan na h‐éagcóra atá suiḋte i measc ár mball is eaḋ an teanga, ag salú an ċuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoġail tré ṫeiniḋ, agus í d’á lasaḋ féin ó ifreann. 7Óir gaċ cineál ainṁiḋe agus éin, feiṫidí snáṁġaile agus feiṫidí mara, ceannsuiġtear iad, agus do‐rinneaḋ ceannsa iad leis an nádúir ḋaonna: 8aċt sáruiġeann sé ar an duine an teanga do ċeannsú; is aḋḃar urċóide gan smaċt í, 9lán de niṁ ṁarḃṫaiġ. Is léi‐se ḃeannuiġmíd an Tiġearna, ár nAṫair: agus is léi ṁalluiġmíd daoine atá déanta i gcosaṁlaċt Dé: 10tagann beannú agus mallú amaċ as béal aṁáin. A ḃráiṫre, ní ḟuil sé ceart sin do ḃeiṫ aṁlaiḋ. 11An ndéanann tobar fíor‐uisce agus uisce searḃ do scardaḋ amaċ as aon ḟoscailt aṁáin? 12An ḃféadann crann fige, a ḃráiṫre, caora crainn ola do ṫaḃairt, nó crann fineaṁna figí do ṫaḃairt? Ní ḟéadann, agus ní mó ḟéadas uisce guirt fíor‐uisce do ṫaḃairt.
13Cia h‐é an duine agaiḃ atá eagnaiḋe, tuigseanaċ? Taisbeánaḋ sé a ġníoṁarṫa le n‐a ḋeaġ‐iomċar saoġalta, le caoin‐spiorad na h‐eagna. 14Aċt má ḃíonn searḃ‐éada agus mian aiġnis ’n‐ḃur gcroiḋe, ná biḋiḋ ag maoiḋeaṁ as, agus ná biḋiḋ ag laḃairt bréige i n‐aġaiḋ na fírinne. 15Ní h‐í seo an eagnaiḋeaċt ṫig anuas, aċt atá sí talṁaiḋe, colnaiḋe, deaṁnaiḋe. 16Óir san áit ’n‐a ḃfuil éada agus aiġneas is ann ḃíos aċrann agus gaċ droċ‐ġníoṁ. 17Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt. 18Agus is iad luċt déanta na síoṫċána ċuireas go síoṫċánta an síol as a dtig an ḟíréantaċt.
Currently Selected:
Séamas 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.