Séamas 2
2
1A ḃráiṫre, coṫuiġiḋ creideaṁ ár dTiġearna ġlórṁair Íosa Críost gan meas ḃeiṫ agaiḃ ar ṗearsain duine seaċas a ċéile. 2Óir má ṫagann fear isteaċ ’n‐ḃur sionagóig, agus éadaiġe breaġṫa air, agus má ṫagann isteaċ, leis, duine boċt agus droċ‐éadaiġe air; 3agus má ṫugann siḃ ómós do’n té ar a ḃfuil na h‐éadaiġe breaġṫa, go n‐abrann siḃ leis, Suiḋ‐se annso i n‐áit na h‐onóra; agus go n‐abrann siḃ leis an duine boċt, Seasuiġ‐se annsin ṫall, nó suiḋ annso fá stól mo ċos: 4naċ mbíonn leiṫ‐ċeal d’á ḋéanaṁ agaiḃ ’n‐ḃur h‐intinn féin, agus naċ mbíonn siḃ ’n‐ḃur mbreiṫeaṁnaiḃ droċrúnaċa? 5Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é? 6Aċt is aṁlaiḋ ṫugaḃar easonóir do’n duine boċt. Naċ iad na daoine saiḋḃre do‐gní leaṫtrom oraiḃ, agus naċ iad féin ṫarraingeas isteaċ i dtiġ na cúirte siḃ? 7Naċ iad do‐ḃeir masla do’n ainm uasal as a n‐ainmniġtear siḃ? 8Aċt má ċóiṁlíonann siḃ an dliġe ríoġḋa do réir na scrioptúra, Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin, atá siḃ ag déanaṁ go maiṫ: 9aċt má ṫugann siḃ meas do ṗearsain duine seaċas a ċéile, atá peacaḋ d’á ḋéanaṁ agaiḃ, agus atá siḃ daorṫa mar ċionntaiġ do réir an dliġe. 10Óir cibé duine ċóiṁlíonas an dliġe uile, agus go gcliseann air aiṫne aṁáin de do ċoiṁeád, atá sé cionntaċ ionnta go léir. 11Óir an té aduḃairt, Ná déan aḋaltrannas, aduḃairt sé leis, Ná déan marḃaḋ. Anois, bíoḋ naċ ndéanann tú aḋaltrannas, aċt go ndéanann tú dún‐ṁarḃaḋ, is cionntaċ i n‐aġaiḋ na dliġe ṫú. 12Laḃraiḋ agus déanaiḋ gníoṁ mar ḋaoine go dtiuḃarfar breiṫeaṁnas orṫa do réir dliġe na saoirse. 13Óir breiṫeaṁnas gan trócaire is eaḋ ġeoḃas an té naċ ndearna trócaire: buaḋann an trócaire ar an mbreiṫeaṁnas.
14Cia an tairḃe, a ḃráiṫre, do’n duine adeir go ḃfuil creideaṁ aige, gan gníoṁarṫa ḃeiṫ aige, leis? an ḃféadann an creideaṁ sin a ṡlánú? 15Má ḃíonn bráṫair nó siúr lomnoċt, agus i n‐uireasḃaiḋ an ḃiḋ laeṫeaṁail, 16agus go n‐abróċaḋ duine agaiḃ leo, Imṫiġiḋ i síoṫċáin, déanaiḋ ḃur ngoraḋ féin, agus bíoḋ ḃur sáiṫ agaiḃ; gan na neiṫe atá riaċtanaċ do’n ċolainn do ṫaḃairt dóiḃ; cia an tairḃe é sin? 17Is mar sin do’n ċreideaṁ atá gan gníoṁarṫaiḃ, atá sé marḃ ann féin. 18Aċt déarfaiḋ duine éigin, Atá creideaṁ agat‐sa, agus atá gníoṁarṫa agam‐sa: taisbeán do ċreideaṁ ḋom i n‐éagmais do ġníoṁarṫa, agus taisbeánfad‐sa mo ċreideaṁ ḋuit‐se lem’ ġníoṁarṫáiḃ. 19Creideann tusa naċ ḃfuil aċt aon Dia aṁáin ann; is maiṫ do‐ġní tú; creideann na deaṁain féin é, leis, agus bíonn baill‐ċriṫ orṫa. 20Aċt, a ḋuine diċéilliḋe, an toil leat a ḟoġlaim gur niḋ gan éifeaċt an creideaṁ gan gníoṁarṫa? 21Naċ le gníoṁarṫaiḃ do fíréanuiġeaḋ ár n‐aṫair Abraċam, agus é ag íoḋbairt a ṁic Íosóg ar an altóir? 22Naċ léir duit go raiḃ an creideaṁ ag cóṁ‐oibriú le n‐a ġníoṁarṫaiḃ, agus gur tré ġníoṁarṫaiḃ do foirḃiġeaḋ a ċreideaṁ? 23Agus do ċóiṁlíonaḋ an scrioptúir, Agus do ċreid Abraċam i nDia, agus do h‐áirṁeaḋ ḋó é mar ḟíréantaċt; agus do glaoḋaḋ cara le Dia air. 24Do‐ċí siḃ go ḃfíréanuiġtear an duine, ní h‐é le creideaṁ aṁáin, aċt le gníoṁarṫaiḃ. 25Ar an gcuma ċéadna, naċ le gníoṁarṫaiḃ do fíréanuiġeaḋ Raċab méirdreaċ, gur ġlac sí na teaċtairí ċúiċi, agus gur scaoil sí uaiṫi iad bealaċ eile? 26Óir fá mar tá an corp marḃ gan an t‐anam ḃeiṫ ann, ar an gcuma ċéadna, rud marḃ is eaḋ creideaṁ gan gníoṁarṫa.
Currently Selected:
Séamas 2: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.