Séamas 4
4
1Cad as na cogaiḋe agus na caṫa éiriġeas eadraiḃ? Naċ as so ṫig siad, as ḃur n‐ainṁiantaiḃ ḃíos ag troid le ċéile ’n‐ḃur mballaiḃ beaṫaḋ? 2Bíonn andúil agaiḃ, agus gan niḋ agaiḃ d’á bárr: bíonn siḃ ag marḃaḋ, agus bíonn éada oraiḃ, agus ní ḟéadann siḃ rud d’ḟáġáil: bíonn siḃ ag cóṁrac agus ag troid, agus ní ḃíonn rud agaiḃ, de ṫoisc naċ n‐iarrann siḃ. 3Iarrann siḃ, agus ní ḟaġann siḃ, de ḃriġ go n‐iarrann siḃ go h‐olc, ċum ḃur n‐ainṁianta do ṡásaṁ. 4A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin. 5Nó an measann siḃ gur díoṁaoin laḃras an scrioptúir, Is le h‐éad ṡanntuiġeas sé an spiorad do ċuir sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnainn? 6Aċt is móide do‐ḃeir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinniḃ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ. 7Uṁluiġiḋ do Ḋia, d’á ḃriġ sin; aċt cuiriḋ i n‐aġaiḋ an diaḃail, agus teiċfiḋ sé uaiḃ. 8Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle. 9Biḋiḋ ag éagcaoineaḋ, agus ag déanaṁ bróin, agus ag gol: aṫruiġtear ḃur ngáiriḋe ’n‐a ḃrón, agus ḃur luṫġáir ’n‐a gruaim. 10Déanaiḋ siḃ féin d’uirísliú i ḃfiaḋnaise an Tiġearna, agus árdóċaiḋ sé siḃ.
11Ná cáiniḋ a ċéile, a ḃráiṫre. An té ċáineas a ḃráṫair, nó do‐ḃeir breiṫ ar a ḃráṫair, cáineann sé an dliġe agus do‐ḃeir sé breiṫ ar an dliġe: aċt má ḃeireann tú breiṫ ar an dliġe, ní duine uṁluiġeas do’n dliġe ṫú, aċt is breiṫeaṁ ṫú. 12Atá aon dliġeadóir agus aon ḃreiṫeaṁ aṁáin ann, go ḃfuil ar ċumas dó saoraḋ agus daoraḋ: cia ṫusa do‐ḃeir breiṫ ar do ċóṁarsain?
13Féacaiḋ i leiṫ, siḃ‐se adeir, Raċaimíd indiu nó i mbáraċ isteaċ ’n‐a leiṫéid sin de ċaṫair, agus caiṫfimíd bliaḋain innti, agus déanfaimíd tráċtáil, agus ġeoḃaimíd brabaċ: 14agus gan a ḟios agaiḃ créad atá i ndán daoiḃ i mbáraċ. Óir cad é ḃur saoġal? Is scamall siḃ, ḃíos le feicsin ar feaḋ tamaill, agus ṫéid as annsin. 15Is é rud ba ċeart daoiḃ a ráḋ ’n‐a ionad sin, Le toil Dé, agus sinn beo, déanfaimíd so nó súd. 16Aċt anois do‐ġní siḃ mórḋáil ’n‐ḃur smaointiḃ uaiḃreaċa: droċ‐niḋ is eaḋ maoiḋṁeaċas d’á leiṫéid sin. 17D’á ḃriġ sin, an té gur ab eol dó deiġ‐ġníoṁ do ḋéanaṁ, agus naċ ndéanann é, is peacaḋ ḋó é.
Currently Selected:
Séamas 4: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.