Bible App logo
Search Icon

Chum na nEabhraidheach 6

6
1Uime sin fágaimís céad‐riaġlaċa bun‐teagaisc Ċríost ’n‐ár ndiaiḋ, agus téiġmís ar aġaiḋ ċum lán‐ḟoirḃṫeaċta; gan ḃeiṫ arís ag leagaḋ buin aiṫreaċais ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa, agus creidiṁ i nDia, 2agus teagaisc fá ḃaisteaḋ, agus fá leagaḋ láṁ, agus fá aiséirġe na marḃ, agus fá’n mbreiṫeaṁnas síorraiḋe. 3Agus is é rud ḋéanfaimíd, de ḋeoin Dé. 4Óir na daoine fuair soillsiú, agus do ḃlais an tíoḋlacaḋ neaṁḋa, agus do rinneaḋ rannṗáirteaċ san Spiorad Naoṁ, 5agus do ḃlais deaġ‐ḃriaṫar Dé agus cuṁaċt an tsaoġail atá le teaċt, 6agus do ṫuit ar gcúl ’n‐a ḋiaiḋ sin, ní féidir a dtaḃairt ċum aiṫriġe arís, de ḃriġ go ḃfuilid ag aiṫ‐ċéasaḋ Ṁic Dé ḋóiḃ féin, agus ag déanaṁ aḋḃar scannail de. 7Óir an talaṁ ṡúġas isteaċ an ḃáisteaċ ṫuiteas go minic air, agus do‐ḃeir luiḃeanna ḟóġnas do na daoiniḃ go saoṫruiġṫear é ar a son, bíonn beannaċt Dé air; 8aċt má ḃeireann sé driseaċ agus feoċadáin, baintear deireaḋ dúile ḋe; tá sé i mbaoġal a ṁalluiġṫe, agus is é a ḋeireaḋ a loscaḋ.
9Aċt, a ċáirde ionṁaine, má tá féin go ḃfuilim ag laḃairt ar an gcuma so, is deiṁin linn gur fearr ’ná sin atá na neiṫe agaiḃ‐se, neiṫe atá ag teaċt leis an slánuġaḋ: 10óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós. 11Agus is é is mian liom go dtaisbeánfaḋ gaċ duine agaiḃ an dúṫraċt ċéadna ċum lán‐dearḃṫaċt dóċais do ċoṫú go deireaḋ: 12ċum naċ n‐éireoċaḋ siḃ leisceaṁail, aċt go ndéanfaḋ siḃ aiṫris ar na daoiniḃ fuair na geallaṁnaċa mar oiḋreaċt de ḃárr creidiṁ agus foiḋne.
13Óir nuair ṫug Dia geallaṁain d’Abraċam, de ḃriġ nár ḟéad sé a ḋearḃú ar aoinneaċ ba ṁó, do ḋearḃuiġ sé air féin, 14g‐á ráḋ, Go cinnte beannóċad agus beannóċad ṫú, agus méadóċad agus méadóċad ṫú. 15Agus mar sin, tar a éis dó fanaṁain go foiġdeaċ, fuair sé a raiḃ geallta ḋó. 16Óir dearḃuiġeann daoine ar an té atá níos mó ’ná iad féin, agus cuireann an dearḃú deireaḋ le gaċ conspóid ḃíos eadorṫa. 17Uime sin, ó ṫárla gur ṁian le Dia buain‐tseasṁaċt a raiḃ ceapṫa aige i gcóṁair oiḋrí na geallaṁna do ṫaisbeáint níos cruinne, ṫug sé an mionn isteaċ: 18ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn; 19dóċas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongṁálta, mar téiġeann sé isteaċ san naoṁ‐áit taoḃ ṫiar de’n ḃrat; 20mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in