Bible App logo
Search Icon

Chum na nGalátach 5

5
1Is ċum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaiḋ go daingean, mar sin, gan ḃeiṫ ceangailte arís fá ċuing na daoirse.
2Féaċ, atáim‐se Pól g‐á ráḋ liḃ, má timċeall‐ġearsṫar siḃ, naċ mbéiḋ tairḃe agaiḃ i gCríost. 3Dearḃuiġim arís do gaċ duine timċeall‐ġearrṫar, go ḃfuil sé d’ḟiaċaiḃ air an dliġe ar fad do ċóiṁlíonaḋ. 4Atá siḃ deiġilte ó Ċríost; an méid díḃ gur mian liḃ ḃur ḃfíréanú tríd an dliġe; atá siḃ tuitṫe ó ġrása. 5Óir is tríd an Spiorad le creideaṁ atáimíd ag súil le fíréantaċt. 6Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ. 7Do ḃí siḃ ag riṫ go maiṫ: cia h‐é do ċuir cosc liḃ fá ḃeiṫ uṁal do’n ḟírinne? 8Ní ó’n té do ġlaoḋ siḃ ṫáinig an spreagaḋ sin. 9Is leor beagán laiḃín do’n ċnap ar fad. 10Atá muiniġin agam asaiḃ san Tiġearna, naċ mbéiḋ siḃ ar aṫrú intinne: aċt an té atá ag d éanaṁ buaiḋearṫa ḋaoiḃ, iomċarfaiḋ sé a ḃreiṫeaṁnas, cibé cia h‐é féin. 11Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, má táim ag fógraḋ an timċeall‐ġearrṫa fós, cad ċuige a ḃfuil géirleanaṁain d’á déanaṁ orm fós? Ins an gcás sin atá deireaḋ déanta de ċeap tuisliḋ na croise. 12An dream atá ag cur as daoiḃ, bá ṁaiṫ liom go gciorrḃaidís iad féin.
13Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile. 14Óir ċóiṁlíontar an dliġe uile i n‐aon ḟocal aṁáin; Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin. 15Aċt má ḃíonn siḃ ag sclaṁaḋ agus ag alpaḋ a ċéile, taḃraiḋ aire naċ scriosfaiḋ siḃ a ċéile. 16Uime sin adeirim, Siuḃlaiḋ do réir an Spioraid, agus ní ċóiṁlíonfaiḋ siḃ mianġas na colna. 17Óir bíonn mianġas na colna ag cur i gcoinniḃ an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinniḃ mianġais na colna; mar tá siad i n‐aġaiḋ a ċéile; ar ṁóḋ naċ ḃféadann siḃ na neiṫe dob’ áil liḃ do ḋéanaṁ. 18Aċt má tá siḃ fá ṫreorú an Spioraid, ní ḟuil siḃ fá’n dliġe. 19Anois atá gníoṁarṫa na colna follasaċ, mar atá, striapaċas, neaṁ‐ġlaine, drúis, 20íoḋal‐aḋraḋ, piseogaċt, náiṁdeaċas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontaċt, aicmí, formad, 21ólaċán, dreaḃlas, agus a leiṫéidí eile: fógraim daoiḃ roiṁ ré, mar aduḃras liḃ ċeana, na daoine ċleaċtas a leiṫéidí sin, naċ ḃfaiġiḋ siad oiḋreaċt i ríoġaċt Dé. 22Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse, 23caoiṁe, stuamḋaċt: ní ḟuil dliġe ar biṫ i n‐aġaiḋ a leiṫéidí sin. 24Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.
25Má’s do réir an Spioraid ċaiṫimíd ár saoġal, siuḃlaimís do réir an Spioraid. 26Ná biḋiḋ mórḋálaċ, ag cur duḃṡláin fá n‐a ċéile, ag formad le ċéile.

Currently Selected:

Chum na nGalátach 5: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in