Bible App logo
Search Icon

Chum na nGalátach 1

1
1Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é), 2agus na bráiṫre uile atá im’ ḟoċair, ċum eaglaisí Ġalátia: 3grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair, agus ó n‐ár dTiġearna Íosa Críost, 4ṫug é féin i n‐éiric ár bpeacaiḋe, ċum go saorfaḋ sé ó’n aois uilc so atá ann de láṫair, do réir tóla ár nDé agus ár nAṫar, 5dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.
6Is mór is iongnaḋ liom siḃ ḃeiṫ ċóṁ luaṫ sin ag iompoḋ ó’n té do ġlaoḋ i ngrása Ċríost siḃ, ċum soiscéil eile; 7ní h‐é gur soiscéal eile é: aċt go ḃfuil dream áiriṫe ann atá ag déanaṁ buaiḋearṫ a ḋaoiḃ, agus gur mian leo soiscéal Ċríost do ċur bun os cionn. 8Aċt dá ḃfógraḋ sinne nó aingeal as na flaiṫeasaiḃ soiscéal eile ḋaoiḃ seaċas an soiscéal d’ḟógramair‐ne ḋaoiḃ, bíoḋ sé malluiġṫe. 9Mar tá ráiḋte againn ċeana, adeirim arís é, Má ḟógrann aon duine soiscéal ar biṫ seaċas an soiscéal fuaraḃar, bíoḋ sé malluiġṫe. 10Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.
11Óir do‐ḃeirim le fios daoiḃ, a ḃráiṫre, i dtaoḃ an tsoiscéil d’ḟógras, naċ dó réir an duine é. 12Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineaḋ é ḋom, aċt ṫáinig sé ċugam tré ṫaisbeánaḋ Íosa Críost. 13Óir do ċualaḃar i dtaoḃ mo ṡaoġail roiṁe seo i gcreideaṁ na nIúdaċ, cionnas mar rinneas géirleanṁain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios: 14agus gur ṁó do ċuaḋas ar aġaiḋ i gcreideaṁ na nIúdaċ ’ná a lán daoine dem’ ċóṁaois féin i measc muinntire mo ċiniḋ, agus mé i ḃfad ní ba ḋúṫraċtaiġe i dtaoḃ gnáṫ‐nósann mo ṡinnsir. 15Aċt nuair ba é deaġ‐ṫoil Dé é, do ċuir ar leiṫ mé ó ḃroinn mo ṁáṫar, agus do ġlaoḋ tré n‐a ġrása mé, 16ċum a Ṁac d’ḟoillsiú ionnam, ċum go ḃfógróċainn i measc na gCineaḋaċ é; ar an láṫair sin ní ḋeaċas i gcóṁairle feola agus fola: 17agus níor ṁó naċ ndeaċas suas go h‐Iarúsalem ċum na ndaoine do ḃí ’n‐a n‐abstalaiḃ róṁam: aċt d’imṫiġeas ċum na h‐Aráibe; agus ṫáinig mé ar ais go Damaisc.
18I gcionn trí bliaḋan ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem ċum aiṫne do ċur ar Ċéfas, agus d’ḟanas cúig lá déag ’n‐a ċuideaċtain. 19Aċt ní ḟacas aon duine eile de na h‐abstalaiḃ, aċt aṁáin Séamas, dearḃráṫair an Tiġearna. 20Anois i dtaoḃ na neiṫe atá agam g‐á scríoḃaḋ ċugaiḃ, féaċ, i ḃfiaḋnaise Dé, ní bréag atáim d’innsint. 21’N‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig mé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṡiria agus Ċilicia. 22Agus do ḃíos gan aiṫne súl ḃeiṫ ag eaglaisiḃ Iúdaea do ḃí i gCríost orm: 23ní ċualadar d’á ráḋ aċt, An té do rinne géirleanṁain orainn roiṁe seo, atá sé anois ag fógairt an ċreidiṁ go ndearna sé léirscrios air tráṫ; 24agus ṫugadar glóir do Ḋia im’ ṫaoḃ.

Currently Selected:

Chum na nGalátach 1: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in