Chum na nEiféiseach 6
6
1A ċlann ó, biḋiḋ uṁal d’ḃur n‐aiṫreaċaiḃ agus d’ḃur máiṫreaċaiḃ san Tiġearna: óir is é ḃur ndualgas é. 2Taḃair onóir dod’ aṫair agus dod’ ṁáṫair (is í an ċéad aiṫne go ḃfuil geallaṁain leis í), 3ċum go n‐éireoċaiḋ go maiṫ liḃ, agus go mairfiḋ siḃ i ḃfad ar talaṁ. 4Agus, a aiṫreaċa, ná brostuiġiḋ ḃur gclann: aċt tógaiḋ do réir teagaisc agus deaġ‐ċóṁairle an Tiġearna iad.
5A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal d’ḃur máiġistriḃ do réir na feola, le h‐eagla agus le crioṫnú, i simpliḋeaċt ḃur gcroiḋe, mar ḋeanfaḋ siḃ do Ċríost é; 6ní le súil‐ṡeirḃís, mar ḃéaḋ siḃ d’iarraiḋ daoine do ṡású, aċt mar ṡeirḃísiġ Ċríost, ag déanaṁ tola Dé ó’n gcroiḋe; 7ag déanaṁ seirḃíse le deaġ‐ṫoil, mar ḃéaḋ sé do’n Tiġearna, agus naċ do ḋaoiniḃ é: 8agus a ḟios agaiḃ, cibé niḋ fóġanta do‐ġní gaċ aoinneaċ, go ḃfaiġiḋ sé cúiteaṁ arís ó’n Tiġearna, má’s daor nó saor é. 9Agus siḃ‐se, a ṁáiġistrí, déanaiḋ ḋóiḃ‐sean mar an gcéadna, gan ḃeiṫ ag bagairt orṫa; agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil a Máiġistir‐sean agus ḃur Máiġistir‐se ar neaṁ, agus naċ ḃféaċann sé do ṗearsain duine seaċas a ċéile.
10I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ tréan san Tiġearna agus ’n‐a neart mór‐ċumasaċ. 11Cuiriḋ umaiḃ arm agus éideaḋ Dé go h‐iomlán, ċum go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ seasaṁ i n‐aġaiḋ mealltaċta an diaḃail. 12Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta. 13Uime sin glacaiḋ ċugaiḃ arm agus éideaḋ Dé go h‐iomlán, ċum go ḃféadfaiḋ siḃ an fód do ṡeasaṁ san droċ‐lá, agus, tar a éis daoiḃ gaċ uile niḋ do ḋéanaṁ, fanaṁain ag seasaṁ. 14Seasaiḋ d’á ḃriġ sin, agus an ḟírinne mar ċrios timċeall ḃur gcuim, lúireaċ na fíréantaċta oraiḃ, 15agus an réiḋteaċ do‐ḃeir soiscéal na síoṫċána mar ḃróga ar ḃur gcosaiḃ; 16ṫar gaċ rud eile glacaiḋ sciaṫ an ċreidiṁ le n‐a ḃféadfaiḋ siḃ gaṫanna loiscneaċa uile an ainspioraid do ṁúċaḋ. 17Agus glacaiḋ clogad an tslánuiġṫe, agus claiḋeaṁ an Spioraid, is é sin briaṫar Dé: 18ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile, 19agus ar mo ṡon‐sa, ċum go dtiuḃarfar cumas cainnte ḋom, ag foscailt mo ḃéil go dána ḋom, ċum rúindiaṁair an tsoiscéil d’ḟoillsiú, 20go ḃfuilim im’ ṫaiḋleoir fá ċuiḃreaċaiḃ ar a ṡon: ċum go laḃarfad ’n‐a ṫaoḃ gan scáṫ, mar ba ċeart dom laḃairt.
21Aċt ċum go mbéiḋ fios mo ġnóṫaí agaiḃ, cionnas mar tá an saoġal agam, innseoċaiḋ Tiċicus, bráṫair ionṁain agus seirḃíseaċ dílis san Tiġearna, innseoċaiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ. 22Ċuige sin is eaḋ do ċuireas ċugaiḃ é, ċum go mbéiḋ eolas ’n‐ár dtaoḃ agaiḃ, agus ċum sólás croiḋe do ṫaḃairt daoiḃ.
23Síoṫċáin do na bráiṫriḃ, agus gráḋ le creideaṁ 24ó Ḋia an t‐Aṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. Go raiḃ grása aca‐san go léir go ḃfuil gráḋ gan smál aca do’n Tiġearna Íosá Críost.
Currently Selected:
Chum na nEiféiseach 6: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.