Chum na bhFilipíneach 1
1
1Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ: 2Grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.
3Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia gaċ uair ċuiṁniġim oraiḃ, 4ag guiḋe i gcóṁnaiḋe le gáirdeaċas i ngaċ aṫċuinġe ar son an uile ḋuine agaiḃ, 5as uċt ḃur gcóṁċáirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois; 6agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do ṫosnuiġ ar obair ṁaiṫ ionnaiḃ, go gcóiṁlíonfaiḋ sé go ló Íosa Críost é; 7óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom. 8Óir is é Dia m’ḟiaḋnaiḋe ar an dúil ṁóir ċuirim ionnaiḃ go léir le caoṁ‐ġráḋ Íosa Críost. 9Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana; 10ċum go ndearḃuiġiḋ siḃ na neiṫe is fearr; ċum go raiḃ siḃ fíor‐ġlan, gan loċt ar biṫ i gcóṁair lae Ċríost; 11líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.
12Ba ṁaiṫ liom a ċur i ḃfios daoiḃ, a ḃráiṫre, na neiṫe ṫárla ḋom, gurḃ ḟearr do ċuaiḋ an soiscéal ar aġaiḋ d’á mbárr; 13ar ċuma gur léir do luċt an ṗraetórium, agus do gaċ aoinneaċ eile, gur ar son Ċríost atá na cuiḃreaċa orm; 14agus go ḃfuil furṁór na mbráṫar san Tiġearna níos daingne go mór ag laḃairt briaṫair Dé gan eagla, agus breis meisniġ ag teaċt orṫa de ḃárr mo ċuiḃreaċ. 15Is fíor go ḃfuil dream ann ṡeanmóruiġeas Críost tré ḟormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ġní ó ḋeaġ‐ṫoil é; 16do‐ġní dream tré ġráḋ é, agus a ḟios aca gur cuireaḋ mé ċum cúis an tsoiscéil do ṗléiḋe: 17aċt is aṁlaiḋ ḟógras an aicme eile Críost ó ṁian aiġnis, ní le h‐ionnracas é, ag súil le tuilleaḋ anró do ṫaḃairt dom im’ ċuiḃreaċaiḃ. 18Cia an cás é? aċt aṁáin go ḃfógartar Críost ar gaċ sliġe, is cuma cia aca le cur i gcéill nó le fírinne é; agus d’á ḃriġ sin do‐ġním gáirdeaċas, agus déanfad é. 19Óir is eol dom go raċaiḋ sin ċum slánuiġṫe ḋom, de ḃárr ḃur n‐urnaiġṫe agus tré ċongnaṁ Spioraid Íosa Críost, 20do réir mar tá súil agus dóċas mór agam naċ gcurfar náire orm fá rud ar biṫ, aċt anois, mar ḃí ariaṁ, go nglóireoċar Críost im’ ċolainn le lán‐dearḃṫaċt, má’s lem’ ḃeaṫaiḋ, nó lem’ ḃás é. 21Óir, im ṫaoḃ‐sa, má’s beo ḋom, Críost is eaḋ é, agus má’s marḃ ḋom, tairḃe is eaḋ é. 22Aċt ḃeiṫ ar marṫain san gcolainn — má’s luaċ saoṫair dom é, cia an roġa ḋéanfad, ní féidir liom a ráḋ. 23Atáim idir an dá roġa, ag dúil le h‐imṫeaċt agus ḃeiṫ i ḃfoċair Ċríost; 24mar is fearr sin go mór; aċt is mó is riaċtanaċ daoiḃ‐se go ḃfanfainn san gcolainn. 25Agus ó táim cinnte ḋe sin, atá a ḟios agam go ḃfanfad agaiḃ‐se uile, ċum siḃ do ċur ar aġaiḋ, 26agus ċum ḃur n‐áṫais san gcreideaṁ; ċum gur méadú meanman daoiḃ i nÍosa Críost mo ṫeaċt ’n‐ḃur láṫair arís. 27Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil; 28gan aon eagla ḃeiṫ oraiḃ roiṁ an dream ċuireas ’n‐ḃur gcoinniḃ: rud atá mar ċóṁarṫa cinnte a mbascṫa ḋóiḃ‐sean, aċt atá mar ċóṁarṫa slánuiġṫe ḋaoiḃ‐se, agus sin ó Ḋia; 29toisc go ḃfuil bronnta oraiḃ‐se, ar son Ċríost, ni h‐é aṁáin creideaṁain ann, aċt fulang ar a ṡon, leis: 30ag troid an ċóṁraic ċéadna ḋaoiḃ do ċonnaic siḃ agus ċluineas siḃ ḃeiṫ ionnam‐sa anois.
Currently Selected:
Chum na bhFilipíneach 1: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.