1
Chum na nEiféiseach 6:12
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.
Compare
Explore Chum na nEiféiseach 6:12
2
Chum na nEiféiseach 6:18
ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile
Explore Chum na nEiféiseach 6:18
3
Chum na nEiféiseach 6:11
Cuiriḋ umaiḃ arm agus éideaḋ Dé go h‐iomlán, ċum go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ seasaṁ i n‐aġaiḋ mealltaċta an diaḃail.
Explore Chum na nEiféiseach 6:11
4
Chum na nEiféiseach 6:13
Uime sin glacaiḋ ċugaiḃ arm agus éideaḋ Dé go h‐iomlán, ċum go ḃféadfaiḋ siḃ an fód do ṡeasaṁ san droċ‐lá, agus, tar a éis daoiḃ gaċ uile niḋ do ḋéanaṁ, fanaṁain ag seasaṁ.
Explore Chum na nEiféiseach 6:13
5
Chum na nEiféiseach 6:16-17
ṫar gaċ rud eile glacaiḋ sciaṫ an ċreidiṁ le n‐a ḃféadfaiḋ siḃ gaṫanna loiscneaċa uile an ainspioraid do ṁúċaḋ. Agus glacaiḋ clogad an tslánuiġṫe, agus claiḋeaṁ an Spioraid, is é sin briaṫar Dé
Explore Chum na nEiféiseach 6:16-17
6
Chum na nEiféiseach 6:14-15
Seasaiḋ d’á ḃriġ sin, agus an ḟírinne mar ċrios timċeall ḃur gcuim, lúireaċ na fíréantaċta oraiḃ, agus an réiḋteaċ do‐ḃeir soiscéal na síoṫċána mar ḃróga ar ḃur gcosaiḃ
Explore Chum na nEiféiseach 6:14-15
7
Chum na nEiféiseach 6:10
I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ tréan san Tiġearna agus ’n‐a neart mór‐ċumasaċ.
Explore Chum na nEiféiseach 6:10
8
Chum na nEiféiseach 6:2-3
Taḃair onóir dod’ aṫair agus dod’ ṁáṫair (is í an ċéad aiṫne go ḃfuil geallaṁain leis í), ċum go n‐éireoċaiḋ go maiṫ liḃ, agus go mairfiḋ siḃ i ḃfad ar talaṁ.
Explore Chum na nEiféiseach 6:2-3
9
Chum na nEiféiseach 6:1
A ċlann ó, biḋiḋ uṁal d’ḃur n‐aiṫreaċaiḃ agus d’ḃur máiṫreaċaiḃ san Tiġearna: óir is é ḃur ndualgas é.
Explore Chum na nEiféiseach 6:1