Bible App logo
Search Icon

Chum na gColossaeach 4

4
1agus ní ḟuil meas ar ṗearsain duine seaċas a ċéile. A ṁáiġistreaċa, taḃraiḋ a gceart agus a gcoṁṫrom féin do ḃur seirḃíseaċaiḃ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil Máiġistir agaiḃ féin ar neaṁ, leis.
2Leanaiḋ go buan de’n urnaiġe, agus biḋiḋ go h‐aireaċ innti, 3le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin; 4ċum go ḃfoillseoċad é, mar ba ċeart dom laḃairt. 5Siuḃlaiḋ go stuamḋa i dtaoḃ na ndaoine atá lasmuiġ, ag baint tairḃe as an uain. 6Bíoḋ salann an ġrása mar ḃlás ar ḃur gcainnt, ċum go mb’ eol daoiḃ freagra do ṫaḃairt do gaċ aoinneaċ.
7Tiċicus, bráṫair ionṁain, agus ministir dílis, agus cóiṁṡeirḃíseaċ san Tiġearna, ḃéarfaiḋ seisean scéala ḋaoiḃ fám’ ġnóṫaiḃ. 8Ċuige sin is eaḋ do ċuireas ċugaiḃ é, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cionnas mar tá an saoġal againn, agus go dtiuḃraiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ; 9mar aon le hOnésimus, bráṫair dílis, ionṁain, duine ḋíḃ féin. Ḃéarfaiḋ siad‐san fios scéil daoiḃ i dtaoḃ gaċ a ḃfuil d’á ḋéanaṁ agam.
10Beannuiġeann Aristárċus, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom, beannuiġeann seisean daoiḃ, mar aon le Marcus, col ceaṫair Ḃarnabais (go ḃfuair siḃ órduiġṫe ’n‐a ṫaoḃ; 11má ṫagann sé ċugaiḃ, glacaiḋ leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de luċt an timċeall‐ġearrṫa iad‐san: is iad‐san aṁáin do ḃí ’n‐a gcóṁ‐oibriḋṫiḃ i n‐éinḟeaċt liom ar son ríoġaċta Dé, fir do ḃí mar ṡólás croiḋe ḋom. 12Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé. 13Óir do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go mbíonn sé ag saoṫrú go dian ar ḃur son‐sa, agus ar son a ḃfuil i Laodicia, agus ar son a ḃfuil i Hiéropolis. 14Beannuiġeann Lúcás, liaiġ gráḋaċ, agus Démas daoiḃ. 15Beiriḋ beannaċt ċum na mbráṫar atá i Laodicia, agus ċum Nimfa, agus ċum na h‐eaglaise atá ’n‐a tiġ. 16Agus nuair ḃéas an eipistil seo léiġte ’n‐ḃur measc féin daoiḃ, cuiriḋ d’á léiġeaṁ í i n‐eaglais na Laodiciaċ leis; agus léiġiḋ‐se an eipistil ó Laodicia mar an gcéadna. 17Agus abraiḋ le hArċippus, Taḃair aire do’n ṁiniostrálaċt fuairis ó’n Tiġearna, ċum go gcóiṁlíonfair í.
18Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól, lem’ láiṁ féin. Cuiṁniġiḋ ar mo ċuiḃreaċaiḃ. Grása go raiḃ liḃ.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in