1 Chum na dTesaloníceach 1
1
1Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus, ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia an tAṫair, agus san Tiġearna Íosa Críost: Grása agus síoṫċáin daoiḃ.
2Do‐ḃeirimíd buiḋeaċas le Dia de ṡíor ’n‐ḃur dtaoḃ‐na go léir, ’g‐ḃur luaḋ ’n‐ár n‐urnaiġṫiḃ: 3ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar. 4Is eol daoiḃ, a ḃráiṫre, ionṁain le Dia, go ḃfuil siḃ toġṫa: 5óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc. 6Agus do rinneaḃar aiṫris orainne agus ar an Tiġearna, ó ġlacaḃar an briaṫar i ndóġrainn ṁóir, le h‐áṫas an Spioraid Naoiṁ; 7ionnas go raḃaḃar ’n‐ḃur n‐eisiompláir do luċt an ċreidiṁ san Maiceadóin agus i nAċáia. 8Óir is uaiḃ‐se do leaṫ briaṫar an Tiġearna go glóraċ, ní h‐é aṁáin san Maiceadóin agus i nAċáia, aċt is aṁlaiḋ do leaṫnuiġ clú ḃur gcreidiṁ i nDia i ngaċ áit; ar ṁoḋ naċ gáḃaḋ ḋúinne laḃairt ’n‐a ṫaoḃ. 9Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor, 10agus ċum ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le teaċt a Ṁic ó neaṁ, an té do ṫóg sé ó na marḃaiḃ, Íosa ḟuasclas ó’n díḃeirg atá le teaċt sinn.
Currently Selected:
1 Chum na dTesaloníceach 1: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.