Chum na gColossaeach 3
3
1Uime sin, má tá siḃ aiséirġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost, loirgiḋ na neiṫe atá ṫuas mar a ḃfuil Críost ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeaslaiṁ Dé. 2Cuiriḋ ḃur ndúil ins na neiṫiḃ atá ṫuas, ní ins na neiṫiḃ atá ar talaṁ. 3Óir d’éagaḃar, agus atá ḃur mbeaṫa foluiġṫe mar aon le Críost i nDia. 4Nuair foillseoċar Críost, ár mbeaṫa‐na, foillseoċar siḃ‐se, ċóṁ maiṫ, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.
5Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í; 6óir is de ḋeascaiḃ a leiṫéidí sin ṫig díḃeirg Dé ar ċlainn na h‐easuṁlaċta; 7’n‐ár ṡiuḃail siḃ‐se roiṁe seo, an tráṫ ’n‐a raiḃ siḃ ag caiṫeaṁ ḃur saoġail ins na neiṫiḃ úd. 8Aċt anois cuiriḋ uaiḃ na neiṫe seo go léir, leis; fearg, buirbe, droċ‐rún, bíodán, droċ‐ċainnt as ḃur mbéal. 9Ná laḃraiḋ bréag le ċéile; ó tá an seanduine agus a ġníoṁarṫa curṫa ḋíḃ agaiḃ, 10agus ó tá an nua‐ḋuine curṫa umaiḃ agaiḃ, agus é d’á aṫnuaḋaḋ i n‐eolas do réir íoṁáiġe an té do ċruṫuiġ é. 11Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.
12D’á ḃriġ sin, mar ḋéanfaḋ clann toġṫa Dé, naoṁṫa agus ionṁain, cuiriḋ umaiḃ croiḋe trócaire, muinntearas, uṁlaċt, macántaċt, fad‐ḟulang; 13ag foiḋneaṁ le ċéile, agus ag maiṫeaṁ d’á ċéile, má ḃíonn cúis ar biṫ ag aoinneaċ ar ḋuine eile; fá mar ṫug Críost maiṫeaṁnas daoiḃ‐se, 14déanaiḋ‐se mar an gcéadna: agus ṫar gaċ niḋ eile, cuiriḋ umaiḃ an gráḋ, óir is é snaiḋm na ndeaġ‐ṡuḃáilce é. 15Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ. 16Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ. 17Agus cibé niḋ do‐ġní siḃ, i mbriaṫar béil nó i ngníoṁ, déanaiḋ an uile niḋ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, ag taḃairt buiḋeaċais do Ḋia tríd.
18A ṁná, biḋiḋ uṁal do ḃur ḃfearaiḃ, mar is cóir san Tiġearna. 19A ḟeara, taḃraiḋ gráḋ do ḃur mnáiḃ, agus ná biḋiḋ searḃ ’n‐a n‐aġaiḋ. 20A ċlann ó, biḋiḋ uṁal do ḃur n‐aiṫreaċaiḃ agus do ḃur máiṫreaċaiḃ san uile niḋ, óir taiṫneann sin leis an Tiġearna. 21A aiṫreaċa, ná brostuiġiḋ ḃur gclann ċum feirge, ar eagla mí‐ṁeisneaċ do ċur orṫa. 22A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal do ḃur máiġistriḃ do réir na feola, ní le súil‐ṡeirḃís, mar ḃéaḋ siḃ d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt le deaġ‐ṫoil croiḋe, 23i n‐eagla an Tiġearna: cibé nid do‐ġní siḃ déanaiḋ ó’n anam é, mar ḋéanfaḋ siḃ do’n Tiġearna, 24agus ní do ḋaoiniḃ é; agus a ḟios agaiḃ go ḃfaiġiḋ siḃ an oiḋreaċt mar luaiġeaċt ó’n Tiġearna: is do’n Tiġearna Críost atá siḃ ag déanaṁ seirḃíse. 25Óir an té do‐ġní an éagcóir, cúiteoċar leis do réir na h‐éagcóra atá déanta aige,
Currently Selected:
Chum na gColossaeach 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.