Bible App logo
Search Icon

Chum na gColossaeach 2

2
1Óir ba ṁian liom a ċur i ḃfios daoiḃ a ḋéine is tá an troid atá d’á déanaṁ agam ar ḃur son‐sa, agus ar son muinntire Laodicia, agus ar son na ndaoine uile naċ ḃfaca mo ġnúis san ḃfeoil; 2ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost, 3’n‐a ḃfuil gaċ ionnṁas eagna agus eolais i ḃfolaċ. 4Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ. 5Óir, giḋ go ḃfuilim as láṫair san gcolainn, atáim ’n‐ḃur láṫair san spiorad, ag déanaṁ gáirdeaċais agus ag breaṫnú an eagair atá oraiḃ, agus ag breaṫnú seasṁaċta ḃur gcreidiṁ i gCríost.
6Uime sin, ó ġlacaḃar Íosa Críost mar Ṫiġearna ċugaiḃ, 7siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.
8Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost: 9óir is ann go corporḋa atá iomláine na Diaḋaċta ar fad, 10agus is ann atá gaċ niḋ go h‐iomlán agaiḃ‐se, san té is árd‐ċeann ar gaċ flaiṫeas agus ar gaċ cuṁaċt, 11’n‐ár timċeall‐ġearraḋ siḃ le timċeall‐ġearraḋ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, leis an timċeall‐ġearraḋ atá i gCríost, ag cur cuirp na feola ḋíḃ; ó h‐aḋnaċaḋ siḃ mar aon leis san mbaisteaḋ, 12atá siḃ aiṫḃeoḋuiġṫe mar aon leis tré ċreideaṁ i gcuṁaċt Dé do ṫóg ó na marḃaiḃ é. 13Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn. 14Do ċuir sé deireaḋ leis an mbanna atá scríoḃṫa i reaċtaiḃ ’n‐ár gcoinniḃ, do ḃí contrárḋa ḋúinn; agus do ġlan sé as an sliġe é, 15g‐á ṫáirngneáil do’n ċrois; ag cur na ḃflaiṫeas agus na gcuṁaċt de, do rinne sé sompla saoġalta ḋíoḃ, ag buaḋaċtain orṫa d’á bárr.
16Ná leigiḋ d’aon duine ḃeiṫ ’n‐a ḃreiṫeaṁ oraiḃ fá ḃiaḋ, nó fá ḋiġ, nó fá lá féile, nó fá ġealaiġ úir, 17nó fá lá sabóide: ní ḟuil ionnta siúd aċt scáil na neiṫe atá le teaċt; aċt is é Críost an bunaḋas. 18Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin, 19gan greim do ċoiṁeád ar an gCeann, ó n‐a méaduiġeann an corp uile le fás ó Ḋia, agus é d’á ċoṫú agus d’á ṡnaiḋmeaḋ le ċéile le h‐altaiḃ agus le lúiṫeaċaiḃ.
20Má’s fíor go ḃfuil siḃ básuiġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost ó ḋúlaiḃ an doṁain, cad ċuige ḋaoiḃ géilleaḋ do reaċtaiḃ mar ḋéanfaḋ daoine ṁaireas san tsaoġal so. 21Ná láiṁsiġ é, ná blais é, 22ná bain leis, (neiṫe iad so uile ḃíos gan feiḋm tar éis úsáid do ḋéanaṁ ḋíoḃ), do réir aiṫeanta agus teagaisc daoine. 23Is fíor go ḃfuil cuma eagnaiḋeaċta ar na neiṫiḃ sin ċum aḋraḋ deontaċ, agus uṁlaċt, agus smaċt ar an gcorp do ċur i gcéill; aċt ní ḟuil aon éifeaċt ionnta ċum cosc do ċur le h‐ainṁiantaiḃ na feola.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in