1
Chum na gColossaeach 2:6-7
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Uime sin, ó ġlacaḃar Íosa Críost mar Ṫiġearna ċugaiḃ, siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.
Compare
Explore Chum na gColossaeach 2:6-7
2
Chum na gColossaeach 2:8
Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost
Explore Chum na gColossaeach 2:8
3
Chum na gColossaeach 2:13-14
Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn. Do ċuir sé deireaḋ leis an mbanna atá scríoḃṫa i reaċtaiḃ ’n‐ár gcoinniḃ, do ḃí contrárḋa ḋúinn; agus do ġlan sé as an sliġe é
Explore Chum na gColossaeach 2:13-14
4
Chum na gColossaeach 2:9-10
óir is ann go corporḋa atá iomláine na Diaḋaċta ar fad, agus is ann atá gaċ niḋ go h‐iomlán agaiḃ‐se, san té is árd‐ċeann ar gaċ flaiṫeas agus ar gaċ cuṁaċt
Explore Chum na gColossaeach 2:9-10
5
Chum na gColossaeach 2:16-17
Ná leigiḋ d’aon duine ḃeiṫ ’n‐a ḃreiṫeaṁ oraiḃ fá ḃiaḋ, nó fá ḋiġ, nó fá lá féile, nó fá ġealaiġ úir, nó fá lá sabóide: ní ḟuil ionnta siúd aċt scáil na neiṫe atá le teaċt; aċt is é Críost an bunaḋas.
Explore Chum na gColossaeach 2:16-17