Bible App logo
Search Icon

2 Chum Timóteuis 4

4
1Cuirim d’aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost, ḃéarfas breiṫ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ, agus i n‐ainm a ṫaisbeánta agus a ríoġaċta; 2déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc; 3Óir tiocfaiḋ an t‐am naċ seasfaiḋ siad deaġ‐ṫeagasc; aċt le tocas ’n‐a gcluasaiḃ, cruinneoċaiḋ siad ċuca féin luċt teagaisc do réir a n‐ainṁianta féin: 4agus tionn‐tóċaiḋ siad a gcluasa ó’n gcreideaṁ, agus casfaiḋ siad ċum faḃal. 5Aċt bí‐se staidéarṫa san uile niḋ, fulaing cruaḋtan, déan gnó an tsoiscéalaiḋe, cóiṁlíon dualgas do ṁiniostrálaċta. 6Óir atáim‐se anois féin dom’ ḋoirteaḋ amaċ mar íoḋbairt, agus is gearr uaim uair m’imṫeaċta. 7Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ; 8ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.
9Déan do ḋíċeall ċum teaċt ċugam go luaṫ: 10óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia. 11Ní ḟuil im’ ḟoċair aċt Lúcás aṁáin. Beir leat Marcus, agus taḃair i n‐éinḟeaċt leat é: óir atá sé tairḃeaċ dom le h‐aġaiḋ mo ṁiniostrálaċta. 12Aċt atá Tiċicus curṫa go hEiféis agam. 13Nuair ṫiocfas tú, beir leat an clóca d’ḟágas ag Carpus i dTróas, agus na leaḃair, na meamraim go mór‐ṁór. 14Do rinne Alecsander, saor uṁa, doċar mór dom: cúiteoċaiḋ Dia leis do réir a ndearna sé: 15bí ar t’aire ’n‐a ṫaoḃ‐sa: óir do ċuir sé go mór i n‐aġaiḋ ár mbriaṫra.
16Ag pléiḋe mo ċúise ḋom de’n ċéad uair níor ċuidiġ aoinneaċ liom, aċt do ṫréigeadar uile mé: nár agarṫar orṫa é. 17Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain. 18Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen.
19Beannuiġ do Ṗriscus agus d’Acuila, agus do líon tiġe Onésiforuis. 20D’ḟan Erastus i gCoirinnt aċt d’ḟágas Trofimus i Mílétus, agus é tinn. 21Déan do ḋíċeall ċum teaċt ċugam roiṁ an ngeiṁreaḋ. Beannuiġeann Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Claudia, agus na bráiṫre go léir duit.
22Go raiḃ an Tiġearna led’ spiorad. Grása go raiḃ liḃ.

Currently Selected:

2 Chum Timóteuis 4: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in