2 Chum Timóteuis 3
3
1Aċt bí cinnte de’n méid seo, go dtiocfaiḋ aimseara peiriaclaċa ins na laeṫiḃ deireannaċa. 2Óir béiḋ na daoine leiṫleasaċ, sanntaċ, maoiḋteaċ mórtasaċ, masluiġṫeaċ, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, díombuiḋeaċ, mí‐naoṁṫa, gan gráḋ nádúrṫa, 3cruaḋ‐ċroiḋeaċ, bíodánaċ, do‐smaċtuiġṫe, fíoċṁar, gan gráḋ do’n ṁaiṫ; 4béiḋ siad ’n‐a ḃfealltóiriḃ, béiḋ siad ceanndána, lán d’uaḃar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia; 5cuma na cráiḃṫeaċta orṫa, aċt go ḃfuil diúlta aca d’á briġ; fan amaċ ó n‐a leiṫéidiḃ sin. 6Óir daoine de’n aicme sin is eaḋ iad‐san ṡleaṁnuiġeas isteaċ i dtiġṫiḃ agus árduiġeas leo ċum daor‐ḃroide mná baoṫánta atá fá ualaċ peacaiḋe, d’á luascaḋ ag miantaiḃ de’n uile ṡaġas, 7mná ḃíos ag síor‐ḟoġlaim gan a ḃeiṫ ar ċumas dóiḃ teaċt ar eolas na fírinne. 8Agus fá mar ċuir Iannes agus Iambrés i n‐aġaiḋ Ṁaoise, mar sin is eaḋ atá na fir sin ag cur i n‐aġaiḋ na fírinne; fir go ḃfuil a n‐aigne truailliġṫe, agus iad ar mearḃall i dtaoḃ an ċreidiṁ. 9Aċt ní raċaiḋ siad níos faide: óir béiḋ a ndíṫ‐céille follasaċ do’n tsaoġal, mar ḃí diṫ‐céille na ḃfear úd. 10Aċt do leanais‐se dem’ ṫeagasc, dem’ ḋeaġ‐iomċar, dem’ ċuspóir, dem’ ċreideaṁ, de’m ḟoiġid, dem’ ġráḋ, dem’ ṡeasṁaċt, dem’ ġéirleanaṁnaiḃ, dem’ anacraiḃ. 11Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé. 12’Seaḋ, agus gaċ duine gur mian leis a ṡaoġal do ċaiṫeaṁ go cráiḃṫeaċ i nÍosa Críost, fulaingeoċaiḋ sé géirleanṁain. 13Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin. 14Aċt lean‐sa de na neiṫiḃ atá foġlamṫa agat agus go ḃfuil tú dearḃṫa ḋíoḃ, agus a ḟios agat ciarḃ iad ó n‐ár ḟoġlaimis iad; 15agus ó ḃís id’ leanḃ go raiḃ eolas agat ar na naoiṁ‐scrioptúiriḃ ḟéadas ṫú do ḋéanaṁ eolgaċ ċum slánuiġṫe tré ċreideaṁ i nÍosa Críost. 16Is ó Ḋia ṫáinig gaċ scrioptúir, agus atá sí fóġantaċ ċum teagaisc, ċum spreagṫa, ċum ceartuiġṫe, ċum foirċeadail i ḃfíréantaċt: 17ċum go mbéiḋ an duine le Dia lán‐oilte gléasta go h‐iomlán le h‐aġaiḋ gaċ deaġ‐ġníṁ.
Currently Selected:
2 Chum Timóteuis 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.