Chum Tituis 1
1
1Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ, 2i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin; 3aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir; 4ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir.
5Is é seo an fáṫ gur ḟágas san Ċréit ṫu, ċum go gcuirfeá i dtreo na neiṫe do ḃí gan déanaṁ, agus ċum seanóirí d’órdú ins gaċ caṫair; fá mar d’órduiġeas duit: 6fear ar biṫ atá gan loċt, pósta le mnaoi aṁáin, go ḃfuil clann ċreideas aige, naċ ḃfuil droċ‐nósa ná míriaġaltaċt d’á gcur ’n‐a leiṫ. 7Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan; 8aċt ḃeiṫ fáilteaċ, ’n‐a ċaraid do’n ṁaiṫ, ḃeiṫ ’n‐a ḋuine staidéarṫa, ionnraic, naoṁṫa, cneasta; 9ag greamú de’n ḃriaṫar fírinneaċ atá do réir an teagaisc, ċum go mbéiḋ ar ċumas dó na daoine do ġríosaḋ do réir an teagaisc ḟolláin, agus iad‐san ċuireas ’n‐a aġaiḋ do ḃréagnú.
10Óir is iomḋa duine míriaġalta atá ann, luċt baoṫ‐ġlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timċeall‐ġearrṫa go h‐áiriṫe, 11go gcaiṫfear a mbéal do ḋúnaḋ; daoine ċuireas teaġlaiġ iomlána bun os cionn, ag múineaḋ neiṫe naċ cóir ar son airgid neaṁ‐ġlain. 12Aduḃairt duine d’á gcuid féin, fáiḋ leo féin, Is bréagairí na Créitiġ i gcóṁnaiḋe, droċ‐ainṁiḋṫe, craosairí díoṁaoine. 13Fiaḋnaise ḟíor is eaḋ í seo. D’á ḃriġ sin aiṫḃear go géar iad, ċum go mbéiḋ creideaṁ folláin aca, 14gan ḃeiṫ ag taḃairt aire d’ḟaḃlaiḃ Iúdaċa agus d’aiṫeantaiḃ daoine ḃeireas a gcúl leis an ḃfírinne. 15Is glan gaċ niḋ do’n dream atá glan: aċt ní glan éinniḋ do’n dream neaṁ‐ġlan, díċreidṁeaċ; aċt atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truailliġṫe. 16Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.
Currently Selected:
Chum Tituis 1: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.