Bible App logo
Search Icon

2 Chum Timóteuis 2

2
1Uime sin, a ṁic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost. 2Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis. 3Fulaing cruaḋtan, mar ḋéanfaḋ saiġdiúir maiṫ Íosa Críost. 4Saiġdiúir i mbun a ḋualgais, ní ċeaduiġeann sé ḋó féin ḃeiṫ gaḃṫa ag gnáṫċúramaiḃ an tsaoġail seo, ċum go mb’ ḟearr ṫaiṫneoċas sé leis an té do ṫoġ mar ṡaiġdiúir é. 5Agus an féar ṫéiġeas ag iomaiḋeaċt ins na cleasaiḃ lúṫa, ní tugtar an ċoróin dó muna ndearna sé an iomaiḋeaċt do réir na riaġlaċ. 6An criaḋaire do‐ġní an scláḃaiḋeaċt, ní mór dó an ċéad‐toraḋ d’ḟáġáil. 7Breaṫnuiġ a ḃfuil d’á ráḋ agam; óir ḃéarfaiḋ an Tiġearna tuigsin san uile niḋ ḋuit. 8Cuiṁniġ ar Íosa Críost, de ṗór Ḋáiḃí, d’aiséiriġ ó na marḃaiḃ do réir mo ṡoiscéil‐se: 9go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ. 10Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe. 11Is fírinneaċ an ráḋ so: Má fuaramar bás i n‐éinḟeaċt leis, mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis mar an gcéadna: 12má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis: 13má éiriġmíd‐ne neiṁ‐ḋílis, fanann seisean dílis; óir ní féidir leis é féin do ṡéanaḋ.
14Cuir na neiṫe seo i gcuiṁin dóiḃ, g‐á ḟógairt dóiḃ i ḃfiaḋnaise an Tiġearna gan ḃeiṫ ag aiġneas fá ḟoclaiḃ naċ ḃfuil aon tairḃe ionnta, aċt ċuireas amuġa an dream ċluineas iad. 15Déan do ḋíċeall ċum ṫú féin do ṫaisbeáint mar ḟear ionṁolta i ḃfiaḋnaise Dé mar oibriḋe naċ gáḃaḋ ḋó ḃeiṫ fá náire, ag riaraḋ briaṫair Dé le díreaċas. 16Aċt seaċain baoṫġlór neaṁ‐ḋiaḋa; óir raċaiḋ siad níos faide ar aġaiḋ i neaṁ‐ḋiaḋaċt; 17agus leaṫfaiḋ a mbriaṫar aṁail aillis: daoine de’n aicme sin is eaḋ Hímenaeus agus Fílétus; 18daoine do ċuaiḋ ar seaċrán ó’n ḃfírinne, g‐á ráḋ go ḃfuil an aiséirġe ṫart ċeana, agus atá ag milleaḋ creidiṁ daoine áiriṫe. 19Cibé ar biṫ é, fanann bun daingean Dé go seasṁaċ, agus an séala so air: Is eol do’n Tiġearna a ṁuinntear féin; agus, Gaċ aoinneaċ ainmniġeas ainm an Tiġearna, tréigeaḋ sé an éagcóir. 20Anois i dtiġ mór bíonn, ní h‐é aṁáin soiṫiġ óir agus airgid, aċt soiṫiġ aḋmaid agus cré, leis; cuid díoḃ ċum onóra, agus cuid díoḃ ċum easonóra. 21Uime sin, má ċoiṁeádann duine é féin slán uaṫa so, béiḋ sé ’n‐a ṡoiṫeaċ ċum onóra, soiṫeaċ beannuiġṫe, usáideaċ do’n té gur leis é, fóġanta ċum gaċ deaġ‐ġnó. 22Aċt seaċain ainṁianta na h‐óige, agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, de’n tsíoṫċáin, i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ ġlaoḋas ar an Tiġearna as croiḋe úr‐ġlan. 23Aċt diúltaiġ do ċeisteannaiḃ diṫ‐céilliḋe, diṫ‐léiġeanta, agus a ḟios agat go mbrostuiġeann siad bruiġean. 24Agus ní ceart do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna bruiġean do ḃrostú, aċt ḃeiṫ cneasta leis an uile ḋuine, ḃeiṫ ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt, 25lán d’ḟoiḋne, ag ceartú na ndaoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ le ceannsaċt, le súil go dtiuḃrfaiḋe Ḋia ḋóiḃ, am ar biṫ, aiṫriġe do ḋéanaṁ ċum eolas d’ḟáġáil ar an ḃfírinne, 26agus ċum go ḃfuasclóċaiḋ siad iad féin slán as gaiste an diaḃail, tar a éis do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna breiṫ orṫa ċum toil Dé do ḋéanaṁ.

Currently Selected:

2 Chum Timóteuis 2: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in