Bible App logo
Search Icon

2 Chum Timóteuis 1

1
1Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost, 2ċum Timóteuis, mac ionṁain liom: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair, agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.
3Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló, 4ag tnúṫ let’ ḟeicsin, ag aṫċuiṁneaṁ ar do ḋeoraiḃ: ċum go líonfar mé de ġáirdeaċas; 5ag cuiṁneaṁ ḋom ar an gcreideaṁ gan cluain atá ionnat, creideaṁ do ḃí ar dtús id’ ṡean‐ṁáṫair Lóis, agus id’ ṁáṫair Eúnice; agus atá, mar táim cinnte ḋe, ionnat‐sa, leis. 6Is ar an aḋḃar sin ċuirim i gcuiṁin duit an taḃartas ó Ḋia atá ionnat tré leagaḋ mo láṁ‐sa, d’aṫḃrostú. 7Óir ní spiorad eagla ṫug Dia ḋúinn, aċt spiorad cuṁaċta, agus gráḋa, agus ciallḋaċta. 8D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé; 9do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin, 10aċt atá foillsiġṫe anois tré ṫaisbeánaḋ ár Slánuiġṫeora Íosa Críost, do ċuir an bás ar ceal, agus ṫug an ḃeaṫa agus an do‐ṁarḃṫaċt ċum solais tríd an soiscéal, 11ċum ar h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe, agus im’ abstal, agus im’ ṫeagascṫóir de. 12Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd. 13Congḃuiġ go daingean sompla na mbriaṫar maiṫ do ċualais uaim, san gcreideaṁ agus san ngráḋ atá i nÍosa Críost. 14Coiṁeád an taisce maiṫ tugaḋ ḋuit tríd an Spiorad Naoṁ ċóṁnuiġeas ionnainn.
15Is eol duit gur ṫréig a raiḃ san Áise mé; daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Figelus agus Hermogenés. 16Go dtugaiḋ an Tiġearna trócaire do ṫeaġlaċ Onésiforuis; óir is minic ṫug sé sólás croiḋe ḋom, agus níor nár leis mo ṡlaḃraḋ; 17aċt ar mbeiṫ san Róiṁ ḋó do ċuaiḋ sé go díċeallaċ ar mo lorg, agus fuair sé me. 18(Go dtugaiḋ an Tiġearna ḋó trócaire d’ḟáġáil ó’n Tiġearna san ló úd): agus is maiṫ atá a ḟios agat féin méid na seirḃís do rinne sé ḋom i nEiféis.

Currently Selected:

2 Chum Timóteuis 1: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in