Bible App logo
Search Icon

1 Chum Timóteuis 6

6
1Measaḋ siad‐san uile atá fá ċuing na scláḃaiḋeaċta gur fiú a máiġistrí féin gaċ urraim, ċum naċ ḃfaiġiḋ ainm Dé agus an teagasc scannal. 2Agus an méid go ḃfuil máiġistrí ċreideas aca, ná bíoḋ dí‐ṁeas aca orṫa, toisc gur bráiṫre iad; aċt go mb’ ḟearrde an tseirḃís ḋéanfas siad dóiḃ é, toisc gur creidṁiġ ion‐ġráduiġṫe na daoine ḃaineas an tairḃe as a seirḃísí. Múin agus mol na neiṫe seo.
3Má ṁúineann aoinneaċ a ṁalairt de ṫeagasc, agus muna gclaoiḋeann sé le briaṫraiḃ fóġanta, briaṫra ár dTiġearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir cráḃaiḋ; 4atá sé lán d’uaḃar, ní ḟuil aon eolas aige; aċt atá sé ar mearḃall fá ċeisteannaiḃ, agus fá ḟoclaiḃ aċrannaċa, ó n‐a ḃfásann formad, aiġneas, masla, droċ‐aṁras, 5conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ. 6Aċt is mór an t‐aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ, aċt sástaċt aigne ḃeiṫ i n‐éiḟeaċt leis: 7óir ní ṫugamar rud ar biṫ isteaċ san tsaoġal, agus ní ḟéadaimíd rud ar biṫ do ḃreiṫ linn as; 8aċt má tá biaḋ agus clúdaċ againn, is leor dúinn sin. 9Aċt na daoine gur rún leo ḃeiṫ saiḋḃir, tuiteann siad i gcaṫú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainṁianta éigciallaiḋe, díoġḃálaċ, ḃáḋas daoine i n‐aiṁleas agus i ndamnú. 10Óir fréaṁ an uile ṡaġais uile is eaḋ gráḋ an airgid, agus g‐á ṡanntú do ḋaoiniḃ áiriṫe, do ċuadar ar fán ó’n gcreideaṁ, agus is iomḋa arraing le n‐ar ṫolladar iad féin.
11Aċt, a ḋuine le Dia, seaċain‐se na neiṫe sin; agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n diaḋaċt, de’n ġráḋ, de’n ḟoiḋne, de’n ċeannsaċt. 12Troid deaġ‐ċóṁrac an ċreidiṁ, beir greim ar an mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe ċum ar glaoḋaḋ ṫú, agus go ndearnais adṁáil ṁaiṫ ḋi i láṫair a lán fiaḋnaiḋṫe. 13Órduiġim duit i ḃfiaḋnaise Dé, do‐ḃeir beaṫa do’n uile niḋ, agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost do rinne adṁáil ṁaiṫ i láṫair Ṗoint Ṗíoláid, 14an aiṫne seo do ċoiṁeád gan smál, gan loċt go teaċt ár dTiġearna Íosa Críost: 15ḟoillseoċas sé ’n‐a am féin, an t‐aon Árd‐Riaġlóir beannuiġṫe aṁáin, Rí na Ríoġ, agus Tiġearna na dTiġearna; 16an té aṁáin ag a ḃfuil an do‐ṁarḃṫaċt, ċóṁnuiġeas i solas do‐ṡroiċte; an té naċ ḃfaca súil duine ariaṁ, agus naċ ḃféadann aon duine a ḟeicsin: dó‐san go raiḃ an onóir agus an ċuṁaċt síorraiḋe. Amen.
17Órduiġ do na daoiniḃ go ḃfuil saiḋḃreas aca san tsaoġal so gan ḃeiṫ árd‐aigeantaċ, gan a muiniġin do ċur as an saiḋḃreas so‐ġluaiseaċta, aċt as Dia do‐ḃeir gaċ niḋ go fial dúinn ċum ár sástaċta: 18maiṫeas do ċleaċtaḋ, ḃeiṫ saiḋḃir i ndeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ, ḃeiṫ fial, fairsing; 19ag cnuasaċ ciste ḋóiḃ féin ḃéas mar ḃun daingean aca i gcóṁair an ama atá le teaċt, ċum go ḃfaiġidís greim ar an mbeaṫaiḋ ḟírinniġ.
20A Ṫimóteuis, coiṁeád a ḃfuil curṫa mar ċúram ort, ag seaċaint baoṫ‐ċainnte neaṁ‐ḋiaḋa, agus contrárḋaċta an niḋ go dtugtar eolas go bréagaċ air: 21gur ġlac daoine áiriṫe leis, go ndeaċadar ar seaċrán i dtaoḃ an ċreidiṁ.
Grása go raiḃ liḃ.

Currently Selected:

1 Chum Timóteuis 6: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in