2 Chum na dTesaloníceach 2
2
1I dtaoḃ a mbaineann le teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, agus le n‐ár gcóṁċruinniú fá n‐a ċóṁair, 2impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, gan leigean d’ḃur n‐aigne ḃeiṫ corruiġṫe go luaṫ, ná ḃeiṫ buaiḋearṫa ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar ḃeaḋ uainne, g‐á ráḋ go ḃfuil lá an Tiġearna ann de láṫair. 3Ná meallaḋ aoinneaċ ar aon ċuma siḃ; óir ní foláir tréigean an ċreidiṁ do ṫeaċt ar dtús, 4agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin. 5Naċ cuiṁin liḃ gur inniseas an méid sin daoiḃ nuair ḃíos ’n‐ḃur ḃfoċair? 6Agus is eol daoiḃ anois créad atá ag cur coisc leis, ċum naċ noċtfar é go dtí n‐a am féin. 7Óir atá rúindiaṁair na míriaġaltaċta ag oibriú ċeana féin: aċt caiṫfear an té atá ag cur coisc leis do ṫógáil as an sliġe. 8Annsin is eaḋ foillseoċar an duine míriaġalta go marḃóċaiḋ an Tiġearna Íosa le h‐anáil a ḃéil é, agus go scriosfaiḋ sé le n‐a ṫeaċt agus le n‐a ṫaiḋḃsiú é. 9Is é sin an té go mbéiḋ a ṫeaċt do réir gníoṁaċais Ṡátain, le cuṁaċt, agus le míorḃailtiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ bréige, 10agus le gaċ ceilg dá gcuireann an cuirpṫeaċt ar an dream d’á ḃfuil an scrios i ndán; toisc nár ġlacadar gráḋ na fírinne, ċum go slánóċaiḋe iad. 11Agus ar an aḋḃar sin cuireann Dia fá ċuṁaċt mearḃaill iad, ċum bréag do ċreideaṁain: 12ċum gaċ dream nár ċreid an ḟírinne aċt do ċuir dúil san éagcóir, do ṫaḃairt fá ḃreiṫeaṁnas.
13Aċt is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt do Ḋia go síor ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre ionṁain leis an Tiġearna, de ḃriġ gur ṫoġ Dia ó ṫosaċ siḃ ċum slánuiġṫe tré naoṁú an Spioraid, agus tré ċreideaṁ san ḃfírinne. 14Ċuige sin is eaḋ do ġlaoḋ sé tré n‐ár soiscéal siḃ, ċum glóir ár dTiġearna Íosa Críost d’ḟáġáil. 15Uime sin, a ḃráiṫre, seasuiġiḋ go daingean, agus congḃuiġiḋ gaċ ar múineaḋ ḋaoiḃ le briaṫar béil, nó le h‐eipistil uainne.
16Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ, 17agus go neartuiġiḋ sé i ngaċ deaġ‐ġníoṁ agus i ngaċ deaġ‐ḟocal siḃ.
Currently Selected:
2 Chum na dTesaloníceach 2: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.