Bible App logo
Search Icon

2 Chum na dTesaloníceach 1

1
1Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia ár nAṫair agus san Tiġearna Íosa Críost: 2grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia an tAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.
3Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór; 4ionnas go ḃfuilmíd féin ag maoiḋeaṁ asaiḃ i n‐eaglaisiḃ Dé as uċt ḃur ḃfoiḋne agus as uċt ḃur gcreidiṁ i lár gaċ géirleanaṁna agus anró ḟulaingeas siḃ. 5Cóṁarṫa ceart‐ḃreiṫeaṁnais Dé is eaḋ é; ionnas go measfaiḋe gur fiú siḃ ríoġaċt Dé, go ḃfuil siḃ ag fulang ar a son: 6má’s ceart le Dia buaiḋirt do ċur mar ċúiteaṁ ar an dream ċuireas buaiḋirt oraiḃ‐se, 7agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta, 8i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa: 9dream ġeoḃas mar ṗionós léirscrios síorraiḋe ó ġnúis an Tiġearna, agus ó ġlóir a ċuṁaċta, 10nuair ṫiocfas sé ċum glóir d’ḟáġáil ’n‐a naoṁaiḃ, agus ċum ḃeiṫ mar aḋḃar iongantais ag luċt an ċreidiṁ an lá sin (ó creideaḋ ár ḃfiaḋnaise ḋaoiḃ). 11Ċuige sin bímíd ag guiḋe gan stad ar ḃur son, ċum go measaiḋ ár nDia gur fiú siḃ ḃur ngairm, agus go gcóiṁlíonaiḋ sé gaċ deaġ‐rún ċum maiṫeasa agus gaċ gníoṁ creidiṁ le n‐a ċuṁaċt, 12ċum go nglóiriġtear ainm an Tiġearna Íosa ionnaiḃ, agus go nglóiriġtear siḃ‐se ann, do réir grása ár nDé agus ár dṪiġearna Íosa Críost.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in