2 Chum na dTesaloníceach 3
3
1I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, guiḋiḋ orainne, ċum go leaṫaiḋ briaṫar an Tiġearna, agus go nglóiriġtear é, mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ‐se; 2agus ċum go saorfar sinn ó ḋaoiniḃ míréasúnta, cuirpṫeaċa; óir ní h‐é gaċ aon duine go ḃfuil an creideaṁ aige. 3Aċt atá an Tiġearna creideaṁnaċ; is é ḋaingneoċas siḃ agus ċoiṁeádfas slán ó’n ainspiorad siḃ. 4Agus atá muiniġin againn as an Tiġearna ’n‐ḃur dtaoḃ, go ḃfuil siḃ ag déanaṁ na neiṫe órduiġmíd, agus go ndéanfaiḋ siḃ iad. 5Agus go dtreoruiġiḋ an Tiġearna ḃur gcroiḋeaċa ċum gráḋa Dé, agus ċum foiḋne Ċríost.
6Órduiġmíd daoiḃ anois, a ḃráiṫre, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, druidim ó gaċ bráṫair atá ag maireaċtain go fallsa, agus naċ do réir an teagaisc fuaradar uainne. 7Óir is eol daoiḃ féin cionnas ba ċeart daoiḃ aiṫris do ḋéanaṁ orainne: óir níor iomċaramar sinn féin go fallsa ’n‐ḃur measc; 8agus níor iṫeamar arán aon duine i n‐aisce, aċt ag obair go cruaiḋ, dóċaṁlaċ, d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ. 9Ní h‐é nárḃ é ár gceart é, aċt ċum sompla do ṫaḃairt daoiḃ, ċum go ndéanfaḋ siḃ aiṫris orainn. 10Óir nuair ḃíomar ’n‐ḃur ḃfoċair féin, ba é ár n‐órdú ḋaoiḃ, Munab áil le h‐aoinneaċ obair do ḋéanaṁ, nár iṫeaḋ sé. 11Óir is clos dúinn go ḃfuil daoine ’n‐ḃur measc ċaiṫeas a saoġal go fallsa, gan obair do ḋéanaṁ, aċt iad ag taḃairt a n‐aire do ġnóṫaiḃ daoine eile. 12Anois órduiġmíd d’á leiṫéidiḃ sin, agus spreagaimíd tríd an Tiġearna Íosa iad, saoṫrú le ciúnas, agus a gcuid aráin féin d’iṫe. 13Aċt, a ḃráiṫre, ná biḋiḋ‐se tuirseaċ ag déanaṁ maiṫeasa. 14Agus má tá aon duine naċ n‐uṁluiġeann d’ár ḃfocal san eipistil seo, taḃraiḋ aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a ċuideaċtain, ċum go gcuirfiḋe náire air. 15Aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin, ná breaṫnuiġiḋ air mar ḃéaḋ náṁa ann, aċt cóṁairliġ leis aṁail bráṫair.
16Anois go dtugaiḋ Dia na síoṫċána síoṫċáin daoiḃ i gcóṁnaiḋe ar an uile ṡliġe. Go raiḃ an Tiġearna liḃ go léir.
17Beannuiġim‐se Pól daoiḃ lem’ láiṁ féin. Is é mo ċóṁarṫa i ngaċ eipistil é: mar sin scríoḃaim. 18Go raiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost liḃ go léir.
Currently Selected:
2 Chum na dTesaloníceach 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.