1 Chum na dTesaloníceach 5
5
1Aċt maidir leis na h‐aimsearaiḃ agus leis na tráṫaiḃ, a ḃráiṫre, ní gáḃaḋ éinniḋ do scríoḃaḋ ċugaiḃ. 2Óir atá a ḟios agaiḃ go maiṫ go dtagann lá an Tiġearna mar ṫagann gadaiḋe san oiḋċe. 3Nuair adeir na daoine, Síoṫċáin agus neaṁ‐ḃaoġal, annsin is eaḋ ṫig léirscrios obann orṫa, mar ṫagann a pianta ar ṁnaoi atá ag iomċar clainne; agus ní raċaiḋ siad slán as. 4Aċt, a ḃráiṫre, ní ḟuil siḃ‐se san dorċaċt, go dtiocfaḋ an lá úd oraiḃ mar ṫiocfaḋ gadaiḋe. 5Clann an tsolais agus clann an lae is eaḋ siḃ go léir; ní daoine de ċlainn na h‐oiḋċe, ná de ċlainn na dorċaċta sinn. 6Ná bímís ’n‐ár gcodlaḋ, mar sin, ar nós daoine eile, aċt bímís ag faire, agus bímís ’n‐ár gcéill. 7Óir na daoine ċodlas, is san oiḋċe ċodlas siad, agus na daoine ḃíos ar meisce, is san oiḋċe ḃíos siad ar meisce. 8Aċt sinne, daoine de ċlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireaċ an ċreidiṁ agus an ġráḋa do ċur orainn; agus an dóċas ċum slánuiġṫe ḃeiṫ mar ċlogad orainn. 9Óir ní ċum díḃeirge do ċeap Dia sinn, aċt ċum slánuġaḋ d’ḟáġáil tré n‐ár dTiġearna Íosa Críost, 10fuair bás ar ár son, ċum go mairfimís beo i n‐éinḟeaċt leis, má’s ’n‐ár ndúiseaċt nó ’n‐ár gcodlaḋ ḋúinn. 11D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile, agus neartuiġiḋ a ċéile, fá mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ.
12Impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, cion do ḃeiṫ agaiḃ orṫa‐san atá ag obair ’n‐ḃur measc, iad‐san go ḃfuil ceannas aca oraiḃ san Tiġearna, agus ḃeireas cóṁairle ḃur leasa ḋaoiḃ; 13agus árd‐ṁeas do ḃeiṫ agaiḃ orṫa as uċt a n‐oibre. Biḋiḋ go síoṫċánta eadraiḃ féin. 14Agus iarraimíd oraiḃ, a ḃráiṫre, taḃraiḋ raḃaḋ do na fallsóirí, taḃraiḋ meisneaċ do na daoiniḃ atá lag‐ċroiḋeaċ, biḋiḋ mar ṫaca do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, biḋiḋ foiġdeaċ leis an uile ḋuine. 15Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine. 16Ḋéanaiḋ gáirdeaċas i gcóṁnaiḋe; 17biḋiḋ ag guiḋe gan stad. 18Beiriḋ buiḋeaċas san uile niḋ; óir is é toil Dé é sin ’n‐ḃur dtaoḃ i nÍosa Críost. 19Ná múċaiḋ an Spiorad; 20ná déan beag‐is‐fiú de ṫarngaireaċtaiḃ; 21froṁaiḋ gaċ aon niḋ; greamuíġiḋ go daingean ḋá ḃḟuil maiṫ; 22staonaiḋ ó olcas de gaċ saġas.
23Agus go naoṁuiġiḋ Dia na síoṫċána féin go h‐iomlán siḃ; agus go gcoiṁeádtar siḃ idir spiorad agus anam agus corp slán ó ċionnta go dtí teaċt ár dTiġearna Íosa Críost. 24Is dílis an té atá ’g‐ḃur nglaoḋaċ, is é ḋéanfas é.
25A ḃráiṫre guiḋiḋ orainn.
26Beannuiġiḋ do na bráiṫriḃ go léir le póig naoṁṫa. 27Cuirim mar aṫcuinġe oraiḃ as uċt an Tiġearna an eipistil seo do ċur d’á léiġeaṁ do na bráiṫriḃ go léir.
28Go raiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost liḃ.
Currently Selected:
1 Chum na dTesaloníceach 5: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.