YouVersion Logo
Search Icon

2 Chum na gCoirinnteach 6

6
1Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin. 2Óir duḃairt sé,
I n‐am oireaṁnaċ d’éisteas leat,
Agus i ló an tslánuiġṫe do ċaḃruiġeas leat.
Féaċ, anois an t‐am oireaṁnaċ; féaċ, anois lá an tslánuiġṫe; gan aḋḃar tuisliḋ do ṫaḃairt d’aon duine, 3ċum naċ ḃfaġtar loċt ar ár miniostrálaċt; 4aċt cruṫaimís gur seirḃísiġ Dé sinn, i ḃfoiġid ṁóir, 5i gcruaḋtan, i riaċtanas, i ngéiḃeann, i mbuilliḃ, i bpríosúnaiḃ, i n‐aċrannaiḃ, i ndian‐tsaoṫar, i ḃfaireaċán, i dtroscaiḋiḃ; 6i ngeanṁaiḋeaċt, i n‐eolas, i ḃfad‐ḟulang, i gcáirdeaṁlaċt, san Spiorad Naoṁ, 7le gráḋ gan ceilg, i mbriaṫar na fírinne, i gcuṁaċt Dé; le h‐armaiḃ fíréantaċta i gcóṁair na láiṁe deise agus clé, 8fá onóir agus fá easonóir, fá ḋeaġ‐ċlú agus fá mí‐ċlú; mar ṁealltóirí, 9aċt mar ḋaoine fíora; mar ḋaoine naċ n‐aiṫniġtear, aċt aiṫniġtear ’n‐a aiṁḋeoin sin; mar ḋaoine atá ag saoṫrú an ḃáis, agus, féaċ, atáimíd beo; mar ḋaoine curtar fá smaċt, gan ḃeiṫ marḃṫa; 10mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.
11A Ċoirinnteaċa, atá ár mbéal ar ḟoscailt daoiḃ, atá fairsinge croiḋe againn. 12Ní ḟuil aon ċuṁangas croiḋe againn ’n‐ḃur dtaoḃ, aċt is ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ atá an cuṁangas. 13Anois, ċum cúiteaṁ de’n tsaġas céadna do ṫaḃairt daṁ‐sa (ag laḃairt mar laḃarfainn lem’ ċáirdiḃ féin atáim), biḋiḋ fairsing mar an gcéadna.
14Ná biḋiḋ fá ċuing i n‐éinḟeaċt le luċt dí‐ċreidiṁ: óir cia an cáirdeas atá ag fíréantaċt le h‐éagcóir? nó cia an cumann atá ag an solas leis an dorċaċt? 15Agus cia an ċóṁaontú atá ag Críost le Bélial? nó cia an ċuid atá ag an duine ċreideas agus ag an duine naċ gcreideann le ċéile? 16Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa. 17D’á ḃriġ sin,
Tagaiḋ amaċ as a lár,
Agus biḋiḋ ar deaġailt,
Adeir an Tiġearna,
Agus ná bíoḋ aon ḃaint agaiḃ leis an rud neaṁ‐ġlan;
Agus glacfad ċugam siḃ,
18Agus béiḋead mar Aṫair agaiḃ,
Agus béiḋ siḃ‐se mar ċlann‐ṁac agus mar ċlann‐inġean agam, adeir an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in