2 Chum na gCoirinnteach 7
7
1Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé. 2Déanaiḋ sliġe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ dúinn: ní ḋearnamar éagcóir ar aon duine, níor scriosamar aon duine, níor ṁeallamar aon duine. 3Ní ċum loċt do ċur ’n‐ḃur leiṫ adeirim é seo, óir aduḃras ċeana go ḃfuil siḃ ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ ċum bás agus beaṫa d’ḟáġáil i n‐éinḟeaċt liḃ. 4Is mór an ṁuiniġin atá agam asaiḃ, is mór an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá agam ’n‐ḃur dtaoḃ: atáim ṫar a ḃeiṫ lán d’áṫas i lár ár n‐aṁgair. 5Óir, ar dteaċt san Maiceadóin dúinn, ní raiḃ suaiṁneas colna againn, aċt do ḃíomar go buaiḋearṫa ar gaċ leiṫ; bruiġeanta ar an taoḃ amuiġ, eagla ar an taoḃ istiġ. 6Aċt Dia, do‐ḃeir sólás do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, ṫug sé sólás dúinn le teaċt Títuis; 7agus ní h‐é aṁáin de ḃárr a ṫeaċta‐san, aċt de ḃárr an tsóláis fuair sé uaiḃ‐se, leis, agus é ag innsin dúinn i dtaoḃ ḃur dtnúiṫ ṁóir, i dtaoḃ ḃur n‐éagcaoine, i dtaoḃ ḃur dteas‐ġráḋa ḋaṁ‐sa; ar ṁoḋ gur ṁóide go mór mo ġáirdeaċas d’á ḃárr. 8Óir bíoḋ gur ċuireas doilġeas oraiḃ lem’ litir, ní truaġ liom é, giḋ go raiḃ truaġ orm; mar is léir dom gur ċuir an litir sin cuṁa oraiḃ, giḋ nár ċuir aċt ar feaḋ tamaill. 9Anois atá áṫas orm, ní h‐é i dtaoḃ doilġeas do ċur oraiḃ, aċt de ċionn gur cuireaḋ doilġeas ċum aiṫriġe oraiḃ: óir is doilġeas diaḋa do cuireaḋ oraiḃ, ċum naċ ndéanfaiḋe aon doċar daoiḃ d’ár gcionn. 10Óir do‐ḃeir an doilġeas diaḋa aiṫriġe ċum slánuiġṫe naċ dtugann aiṫṁéala: aċt do‐ḃeir doilġeas an tsaoġail an bás. 11Mar féaċ, an niḋ céadna so, gur cuireaḋ doilġeas diaḋa oraiḃ‐se an dúṫraċt d’oibriġ sé ionnaiḃ, agus an leiṫscéalaḋ, agus an díombuaiḋ, agus an eagla, agus an tnúṫán, agus an díoġrais, agus an díolaiḋeaċt! Do ċruṫuiġ siḃ ḃeiṫ glan ar fad san gcás so. 12D’á ḃíṫin sin, má scríoḃas féin ċugaiḃ, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’ḟulaing í, aċt ċum go mbéaḋ ḃur ndíoġrais ’n‐ár dtaoḃ‐na soiléir i ḃfiaḋnaise Dé. 13Ar an aḋḃar sin fuaramar sólás, aċt ba ṁóide ár sólás áṫas Ṫítuis, toisc go ḃfuair a spiorad breis meanma uaiḃ go léir. 14Óir má rinneas maoiḋṁeaċas ar biṫ ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa leis, níor náiriġeaḋ mé; aċt fá mar laḃramar i gcóṁnaiḋe liḃ do réir na fírinne, an maoiḋṁeaċas do‐rinneamar ós cóṁair Ṫítuis, fríṫ é ḃeiṫ fírinneaċ. 15Agus is mó ’ná sin toil a ċroiḋe‐sean daoiḃ‐se, ag cuiṁneaṁ ḋó ar uṁlaiḋeaċt gaċ duine agaiḃ, mar d’ḟáiltiġ siḃ roiṁe le h‐eagla agus le crioṫnú. 16Atá áṫas orm gur féidir liom muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ ar gaċ sliġe.
Currently Selected:
2 Chum na gCoirinnteach 7: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.