YouVersion Logo
Search Icon

2 Chum na gCoirinnteach 5

5
1Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ. 2Óir bímíd ag osnaiġil san bpailliún so, ag súil le clúdaċ ár n‐áitreaḃa atá ó neaṁ: 3mar ḋúil is go mbéiḋ clúdaċ orainn; ar ṁoḋ naċ ḃfaiġfear sinn lomnoċt. 4Óir ċóṁ fada is ḃímíd san bpailliún so bímíd ag osnaiġil, agus sinn fá ṫrom‐ualaċ; ní h‐é go mba ṁian linn ḃeiṫ gan clúdaċ, aċt ḃeiṫ clúduiġṫe, ċum go sluigfiḋe a ḃfuil so‐ṁarḃṫa leis an mbeaṫaiḋ. 5Anois an té do ċruṫuiġ ċuige seo sinn is é Dia é, ṫug éirlis an Spioraid dúinn. 6Uime sin atá meanma againn i gcóṁnaiḋe, agus atá a ḟios againn, ċóṁ fada agus ḃímíd ’n‐ár gcóṁnaiḋe san gcolainn, go ḃfuilmíd as baile ó’n Tiġearna 7(óir is do réir creidiṁ ṡiuḃlaimíd, agus ní do réir raḋairc); 8atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn ḃeiṫ as baile ó’n gcolainn agus ḃeiṫ ’n‐ár gcóṁnaiḋe san Tiġearna. 9Uime sin, cia aca san mbaile nó as baile ḋúinn, is é ċuirimíd róṁainn a ḋeaġṫoil do ḋéanaṁ. 10Óir caiṫfimíd uile dul i láṫair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċríost; ċum go ḃfaiġeaḋ gaċ aoinneaċ cúiteaṁ a ndearna sé san gcolainn, do réir a ġníoṁarṫa, cia aca maiṫ nó olc iad.
11Mar sin de, de ḃriġ gur ab eol dúinn eagla an Tiġearna, táimíd d’iarraiḋ na daoine do spreagaḋ, agus aiṫniġeann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aiṫniġeann siḃ‐se ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ sinn, leis. 12Ní ḟuilmíd g‐ár molaḋ féin arís daoiḃ, aċt atáimíd ag taḃairt faille ḋaoiḃ ḃeiṫ gár molaḋ, ċum go mbéiḋ freagra agaiḃ do’n dream do‐ġní bród do réir deallraiṁ, ní do réir croiḋe. 13Óir má táimíd ar easbaiḋ céille, is ar son Dé é; nó má táimíd ’n‐ár gcéill, is ar ḃur son‐sa é. 14Óir atá gráḋ Ċríost d’ár mbrostú, mar is aṁlaiḋ ḃreaṫnuiġmíd, má fuair duine aṁáin bás ar son an uile ḋuine, go ḃfuaradar uile bás; 15agus go ḃfuair seisean bás ar son an uile ḋuine; ċum naċ mairfeaḋ siad‐san atá beo ḋóiḃ féin as sin amaċ, aċt do’n té fuair bás agus d’aiséiriġ ar a son. 16Ar an aḋḃar sin, ní aiṫniġmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raiḃ aiṫne againn ar Ċríost do réir na colna, ní ḟuil aiṫne againn air ar an gcuma sin anois. 17Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua. 18Agus is ó Ḋia atá gaċ uile niḋ, do réiḋtiġ leis féin sinn tré Ċríost, agus ṫug miniostrálaċt an réiḋtiġ ḋúinn, 19is é sin, go raiḃ Dia i gCríost ag réiḋteaċ an tsaoġail leis féin, gan cionnta na ndaoine do ċur ’n‐a leiṫ: agus ṫug sé ḋúinn briaṫar an réiḋtiġ.
20Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaiḋleoiriḃ ar son Ċríost, aṁail mar ḃéaḋ Dia ag impiḋe oraiḃ trínne: impiġmíd oraiḃ as uċt Ċríost réiḋteaċ do ḋéanaṁ le Dia. 21Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in