1 Chum Timóteuis 2
2
1Uime sin, iarraim ort ar dtús go ndéantar aṫċuinġeaċa, urnaiġṫe, eadar‐ġuiḋe, altú ar son an uile ḋuine; 2ar son riġṫe agus ar son na ndaoine atá árd i gcéim; ċum go gcaiṫfimíd saoġal suaiṁneasaċ, síoṫċánta, i ngaċ cráḃaḋ agus i ngaċ cneastaċt. 3Is maiṫ agus is taiṫneaṁaċ an niḋ seo i ḃfiaḋnaise Dé ár Slánuiġṫeoir, 4gur mian leis go slánuiġtiḋe na daoine uile agus go ḃfaiġdís lán‐eolas ar an ḃfírinne. 5Óir ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin, agus an t‐aon idir‐ṁeaḋóntóir aṁáin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost, 6ṫug é féin mar éiric ar son an uile ḋuine, gur tugaḋ a ḟiaḋnaise ’n‐a am féin. 7Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.
8Is mian liom, d’á ḃriġ sin, go ndéanfaḋ na fir urnaiġe san uile áit, agus láṁa beannuiġṫe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aiġneas. 9Agus is mian liom, leis, go gcuirfeaḋ na mná éadaiġe oireaṁnaċa umpa féin, go geanmnaiḋe, banaṁail; gan gruaig ṫreillseaċ, gan ór, ná péarlaí, ná culaiṫe luaċṁara; 10aċt (mar ba ċeart do ṁnáiḃ adṁuiġeas cráiḃṫeaċt) le deaġ‐ġníoṁarṫaiḃ. 11Glacaḋ an ḃean teagasc go ciúin, ceannsa. Aċt ní ċeaduiġim do’n ṁnaoi teagasc do ṫaḃairt, 12ná ceannas do ḃeiṫ aici ar an ḃfear, aċt caiṫfiḋ sí fanaṁain ’n‐a tost. 13Óir ba é Áḋaṁ ba ṫúisce do cumaḋ, agus Éaḃa ’n‐a ḋiaiḋ sin. 14Agus níorḃ é Áḋaṁ do meallaḋ, aċt do meallaḋ an ḃean, gur éiriġ sí cionntaċ i bpeacaḋ. 15Aċt ċeana tiocfaiḋ sí slán tré iomċar clainne, aċt go leanann siad de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, agus de’n naoṁaċt, le macántaċt.
Currently Selected:
1 Chum Timóteuis 2: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.