Is mian liom, d’á ḃriġ sin, go ndéanfaḋ na fir urnaiġe san uile áit, agus láṁa beannuiġṫe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aiġneas. Agus is mian liom, leis, go gcuirfeaḋ na mná éadaiġe oireaṁnaċa umpa féin, go geanmnaiḋe, banaṁail; gan gruaig ṫreillseaċ, gan ór, ná péarlaí, ná culaiṫe luaċṁara; aċt (mar ba ċeart do ṁnáiḃ adṁuiġeas cráiḃṫeaċt) le deaġ‐ġníoṁarṫaiḃ.