Bible App logo
Search Icon

1 Chum na dTesaloníceach 2

2
1Óir is eol daoiḃ féin, a ḃráiṫre, nár ċuairt gan éifeaċt ár dteaċt isteaċ ċugaiḃ: 2aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir. 3Óir ní ó ṁearḃall, ná ó neaṁ‐ġlaine, ná ó ċeilg ṫig ár spreagaḋ; 4aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ. 5Óir, mar is eol daoiḃ féin é, níor ḃaineamar feiḋm ariaṁ as foclaiḃ plámáis, ná ní raiḃ sainnt fá ċlóca againn, is é Dia ár ḃfiaḋnaiḋe air; 6ná ní raḃamar ag lorg urrama ó ḋaoiniḃ, ná uaiḃ‐se, ná ó ḋaoiniḃ eile, bíoḋ gurḃ ḟéidir linn ḃeiṫ go h‐uġdarásaċ, mar abstail Ċríost. 7Aċt is aṁlaiḋ do ḃíomar caoin‐ċeannsa ’n‐ḃur measc, mar ḃéaḋ buime ag oileaṁain a clainne féin: 8mar sin de, le méid an ċeana do ḃí againn oraiḃ, ba ṁian linn, ní h‐é soiscéal Dé aṁáin do roinnt liḃ, aċt ár n‐anamanna féin, leis, toisc gurḃ an‐ionṁain linn siḃ‐se. 9Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ. 10Is fiaḋnaiḋṫe siḃ‐se, agus is fiaḋnaiḋe Dia, leis, ar a naoṁṫaċt, agus ar a ionnraice, agus ar a neaṁ‐loċtaiġe d’iomċaramar sinn féin ’n‐ḃur dtaoḃ‐na ċreideas: 11mar tá a ḟios agaiḃ go raḃamar le gaċ duine agaiḃ mar ḃéaḋ aṫair le n‐a ċlainn féin, ag taḃairt meanman agus meisniġ ḋaoiḃ, 12agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.
13Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas. 14Óir do rinne siḃ‐se, a ḃráiṫre, aiṫris ar eaglaisiḃ Dé i nÍosa Críost atá i nIúdaea: ó ṫárla gur ḟulaing siḃ na neiṫe céadna ó ṁuinntir ḃur dtíre féin d’ḟulaing siad‐san ó na h‐Iúdaċaiḃ: 15do ṁarḃuiġ an Tiġearna Íosa agus na fáiḋe, agus do ruaig amaċ sinne, agus naċ dtaiṫneann le Dia, agus atá i n‐aġaiḋ an uile ḋuine; 16’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.
17Aċt, a ḃráiṫre, ó ṫárla go raḃamar scarṫa liḃ le tamall, i bpearsain, aċt ní i gcroiḋe, ba ṁóide ár dtnúṫán go mór le n‐ḃur ngnúis d’ḟeicsin. 18D’á ḃriġ sin ba ṁian linn, liom‐sa Pól, go h‐áiriṫe, agus níorḃ aon uair aṁáin é, teaċt ċugaiḃ; aċt gur ċuir Sátan cosc linn. 19Óir créad é ár ndóċas, nó ár n‐áṫas, nó coróin ár nglóire? Naċ siḃ‐se é i ḃfiaḋnaise ár dTiġearna Íosa, ag teaċt dó? 20Go deiṁin is siḃ‐se ár nglóir agus ár mbród.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in